Tóg dom
Fáilte chuig clár na gComhaltaí Ad Astra — áit ar féidir leat do spriocanna a bhaint amach.
Tá an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ag iarraidh caoga foireann atá ar thús gairme trí chlár na gComhaltaí Ad Astra, agus cur le rath an cháir le blianta beaga anuas. Tá na ceapúcháin sin ar fáil ar fud na sé Choláiste san Ollscoil: Coláiste na nEalaíon agus na nDaonnachtaí, an Coláiste Gnó, Coláiste na hInnealtóireachta agus na hAiltireachta, Coláiste na nEolaíochtaí Talmhaíochta agus Sláinte, Coláiste na hEolaíochta agus Coláiste na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Dlí. Leis na ceapúcháin sin, cuirtear ar fáil deis iontach d’iarrthóirí a ngairm acadúil a chur chun cinn in ollscoil diantaighde dhinimiciúil rannpháirteach a bhfuil tionchar mór aici ar an domhan.
Tá an babhta earcaíochta seo i gcomhréir le Straitéis UCD go 2030, Teorainneacha a Shárú, straitéis a seoladh i mí na Samhna 2024. I measc na ngnéithe béime maidir leis an mbabhta reatha atá IS/teicneolaíochtaí digiteacha, inbhuanaitheacht, Aon Sláinte Amháin, taighde i leith beartas poiblí agus i leith oidhreacht cultúrtha na hÉireann. Má spreagann fís ár straitéise thú agus tá tú ag iarraidh do spriocanna a bhaint amach in UCD, fáiltím romhat an deis sin a fhiosrú a thuilleadh agus iarratas a chur isteach le bheith i do bhall dár ndámh mar Chomhalta Ad Astra.
Uachtarán
An tOllamh Orla Feely