Bheith ina Chomhalta Ad Astra
Cén fáth ar chóir duit a bheith ina Chomhalta Ad Astra?
Beidh tú mar bhall de chomhphobal dáimh atá bríomhar agus idirdhisciplíneach agus atá ag iarraidh tionchar a imirt ar an domhan, na mic léinn is éirimiúla a theagasc agus teorainneacha an eolais a shárú.
Ná glac ár bhfocal amháin air, ach éist le seisear dár gcomhaltaí Ad Astra faoina n-eispéaras.
Ollamh Cúnta Junli Xu, Scoil na hInnealtóireachta Bithchórais agus na hInnealtóireachta Bia UCD
Tá gairm an Dr Junli Xu dírithe ar údar imní borrúlach a fhiosrú: na cáithníní plaisteacha dofheicthe a nochtar dúinn an t-am ar fad. Tá sí ar thús cadhnaíochta an taighde ar thruailliú micreaphlaisteach agus ar an tionchar atá aige ar shláinte an duine.
“Tá micreaphlaistigh i ngach áit. San aer atá á ionanálú againn, sa bhia atá á ithe againn agus san uisce atá á ól againn. Tá tuiscint ar an gcaoi a nochtar dúinn iad agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar shláinte i gcroílár mo thaighde.”
Nuair a iompaíonn paisean ina dhiongbháilteacht.
“Thosaigh m’aistear sa réimse seo sa tSín, áit ar ghnóthaigh mé céim Baitsiléara in Eolaíocht agus Innealtóireacht an Bhia. Is ábhar imní suntasach don phobal ansin é sábháilteacht bia agus spreag sé sin paisean ionam maidir le hinnealtóireacht an bhia mar bhealach chun sláinte an duine a chosaint. Le linn mo PhD, d’fhiosraigh mé íomháú speictreach i dteannta le hardmhodhanna anailíse sonraí amhail meaisínfhoghlaim agus foghlaim dhomhain. Sa lá atá inniu an, tá na teicnící sin á gcur i bhfeidhm agam chun micreaphlaistigh a aimsiú agus an dainséar ceilte maidir le sláinte an duine a nochtadh.”
An tionchar forleathan atá ag baint le taighde bunriachtanach.
“Ach táirgí plaisteacha a bhfuil riosca ag gabháil leo a shainaithint, is féidir go dtabharfaidh mo thaighde eolas do bheartais maidir le húsáid plaistigh agus le glacadh roghanna malartacha inbhuanaithe amhail bithpholaiméir a spreagadh. Sílim go bhfuil an obair seo bunriachtanach, ní hamháin i leith sláinte an duine a chosaint ach i leith inbhuanaitheacht timpeallachta domhanda a chur chun cinn freisin.”
Bíonn níos mó rudaí le fiosrú agus le nochtadh i gcónaí.
“Tá sé beartaithe agam lárionad taighde micreaplaistigh tiomnaithe a bhunadh atá dírithe ar aimsiú, saintréithiú agus tocsaineolaíocht. Bheadh sé mar mhol i gcomhair staidéir cheannródaíocha ar mhicreaphlaistigh, rud a chuideodh linn tuiscint níos fearr a fháil ar a láithreacht agus ar a dtionchar ar an timpeallacht agus ar shláinte an duine.”
Tacaíocht sheasmhach an chomhphobail Ad Astra.
“Fuair mé neart comhairle ó líonra de chomhghleacaithe faoi gach ábhar ó straitéisí taighde go modheolaíochtaí teagaisc. De bharr na gceangal sin, tá comhpháirtíochtaí láidre idirdhisciplíneacha á chruthú agam agus tá mo chuid taighde á neartú acu. Chabhraigh na hacmhainní agus an tacaíocht ón gComhaltacht Ad Astra liom Deontas Tionscnaimh ERC a fháil, ar garsprioc é a bhfuil mé an-bhródúil as.”
Focail chomhairle dóibh siúd atá ag smaoineamh faoin gComhaltacht Ad Astra.
“Is é mo chomhairle ná smaoineamh go straitéiseach faoi fhorbairt taighde fhadtéarmach. Leis an gcomhaltacht, cuirtear tacaíocht ar fheabhas ar fáil, mar sin de tá sé tábhachtach fís shoiléir a bheith agat faoin gcaoi na hacmhainní sin a úsáid go héifeachtach. Lorg an mheantóireacht agus an tacaíocht cheart ar fud an phróisis.”
Comhollamh Fiona Freeman, Scoil na hInnealtóireachta Meicniúla agus Ábhar UCD
Ní hionann aistear an Chomhollaimh Fiona Freeman chun tionchar a imirt ar thodhchaí ailse péidiatrach agus an ceann a bheifí ag súil leis, ach is é go díreach an bealach uathúil sin lena a dtiomáintear a taighde ceannródaíoch inniu. Agus béim aici ar oistéasarcóma, ar ailse chnáimhe atá annamh agus ionsaitheach é, tá teorainneacha na hindéantachta á sárú ag Fiona.
“Tá cóireáil an oistéasarcóma gan athrú, a bheag nó a mhór, ó tháinig isteach ceimiteiripe sna 1970í. Is é an fócas atá agam ná teiripí nuálach a chruthú, lenar féidir an ráta marthanais a fheabhsú go mór.”
Tá cur chuige nuálach ag teastáil ó na dúshláin is mó.
“I mo shaotharlann, tá cur chuige déthaobhach againn. Ar dtús, cruthaímid samhlacha de shiadaí oistéasarcóma chun tuiscint níos fearr a fháil ar an ngalar. Úsáidimid teicnící ar thús cadhnaíochta amhail bithphriontáil 3T agus gléasanna micreashreabháin, chun “orgáin-ar-shliseanna” a fhorbairt. Leis na samhlacha casta sin, is féidir linn teiripí a thástáil ar bhealaí lena ndéantar aithris ar chorp an duine. Is é an sprioc ar deireadh atá againn ná drugaí nua a aimsiú níos tapa agus an tseans a mhéadú go sroichfidh cóireálacha nua othair.
Tá an dara béim ar mheiteastáiseanna. Cén fáth a spréann oistéasarcóma go dtí na scamhóga chomh minic sin? Ach ár gcórais d’orgán-ar-shlis a úsáid, is féidir linn staidéar a dhéanamh ar an gcaoi a ndéanann an siad cumarsáid le fíochán na scamhóige agus is féidir linn a fháil amach conas cur isteach ar an bpróiseas sin. Táimid ag féachaint freisin ar nanacháithníní a úsáid chun imdhíon-teiripe a sheachadadh i leith meiteastáiseanna a chóireáil.”
Uaireanta, ní hionann an lionsa is fearr trína féachaint ar nithe agus an ceann a bheifí ag súil leis.
“Is innealtóir mé ó thaobh gairme, rud a d’fhéadfadh a bheith aisteach nuair a chuirtear mo thaighde san áireamh. Ach bhí m’athair ina innealtóir agus bhí mo mháthair ina haltra. Spreag an bheirt acu mé dul le hinnealtóireacht bhithleighis agus níor bhreathnaigh mé siar ó shin. Má smaoinítear ar an gcnámh mar scafall lena dtógtar ár gcreatlach ar fad, ag féachaint trí lionsa an innealtóra in ionad an chliniceora, feictear nithe ar bhealach eile. Chuir mé an-suim go deo i ngaschealla nuair a bhí mé ar scoil agus chuir sé sin ar an mbealach seo mé.”
Tá an tacaíocht cheart de dhíth chun smaointe a iompú ina dtionchar buan.
“Tá sé an-deacair tús a chur le smaointe nuair atá tú ag tosú go hiomlán as an nua. Leis an gComhaltacht Ad Astra, tugtar deis dom dul i mbun oibre láithreach. Sa chéad bhliain, dhírigh mé ar thograí deontais a scríobh, agus d’éirigh go hiontach liom. Fuair mé Deontas Tionscnaimh de chuid ERC agus deontas ‘Teorainneacha don Todhchaí’ de chuid SFI.
Táthar fostaithe chun rud nua a chur leis an taighde freisin. Tá limistéar ábhar tugtha isteach agam don scoil nach raibh á theagasc ag an scoil roimhe. Tá sé sásúil rud buan agus fiúntach a dhéanamh sa dóigh sin.”
Focail chomhairle dóibh siúd atá ag smaoineamh faoin gComhaltacht Ad Astra.
“Tá comhphobal na hinnealtóireachta bithleighis, go háirithe in Éirinn, an-bheag agus an-dlúth le chéile. Bhí meantóirí agus comhghleacaithe den chéad scoth agam a chabhraigh liom iarratais ar dheontais a bheachtú agus a thug treoir dom. Duine ar bith atá ag smaoineamh faoin gcomhaltacht, mholfainn go láidir ceangail a neartú laistigh de do scoil agus ar fud do réimse mar tá an líonra tacaíochta sin ríthábhachtach.
Is iarracht an chomhphobail é an taighde, i ndáiríre. D’éirigh liom de bharr go leor comhoibrithe agus meantóirí idir laistigh de UCD agus lasmuigh de. Dá mhéad a chuireann tú leis an gcomhphobal is ea ba mhó tacaíocht a thugtar ar ais duit.”
(opens in a new window)Próifíl an Taighdeora: Comhollamh Fiona Freeman
Comhollamh Madhusanka Liyanage, Scoil na Ríomheolaíochta UCD
Le gairm an Chomhollaimh Madhusanka Liyanage, léirítear an chumhacht a bhaineann le paisean a chomhcheangal le diongbháilteacht. Mar dhuine a atá fiosrach go smior i leith matamaitice, innealtóireachta agus slándáil líonra, tá sé ina dhuine lárnach i ndomhan na teileachumarsáide. Lena obair, tá sé ag cabhrú le todhchaí na nascachta agus na slándála a shonrú.
“Tá mo thaighde dírithe ar réitigh nuálacha a fhorbairt lena gcosnaítear seirbhísí móibíleacha ar mhéadú leanúnach na gcibearbhagairtí agus ag an am céanna cumarsáid réidh a áirithiú. Baineann sé le líonraí cumarsáide móibíleacha agus gan sreang a dhéanamh slán agus a chinntiú go bhfuil príobháideachas na n-úsáideoirí cosanta sa domhan atá inniu ann agus atá ceangailte go dlúth.”
Paisean lena n-iompraítear teoiric ina fírinne.
“Thosaigh mé ag cur suim mhór i slándáil líonra go luath. Dar liomsa, is éard atá sa teileachumarsáid ná réimse ina gcomhcheanglaítear obair theoiriciúil le feidhmeanna praiticiúla a bhfuil tionchar acu ar na billiúin duine. Tá bród orm gur dhruid m’obair an bhearna idir taighde agus an saol mar atá agus gur chabhraigh mé le cleachtais an tionscail a mhúnlú.”
An tábhacht le meon domhanda.
“Le linn mo ghairme, bhí deis agam obair a dhéanamh le príomhinstitiúidí agus comhoibriú a dhéanamh go hidirnáisiúnta, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh ina measc. Mar gheall ar na heispéiris domhanda a bhí agam, tá leathnú tagtha ar mo dhearcadh, rud a chur ar mo chumas réitigh a chruthú atá nuálach agus ábhartha araon ar bhonn domhanda. Áirithíonn sé sin go gcoinnímid cothrom le dáta maidir le forbairtí teicneolaíocha agus le héilimh an mhargaidh.”
Deis ar leith scileanna teagaisc a fhorbairt.
“Thacaigh an Chomhaltacht Ad Astra go mór le m’aistriú go dtí an saol acadúil. Sula ndearnadh acadóir díom, bhí tús curtha agam le próifíl láidir taighde a fhorbairt, ach chuir an chomhaltacht deis ar fáil dom mo scileanna teagaisc a bheachtú. De bharr na comhaltachta, tugadh am agus struchtúr dom mo ghrúpa taighde, NetsLab, a mhéadú ar chaoi gur foireann cheannródaíoch i slándáil 6G í, agus tugadh cabhair dom ceangal le comhphobal taighde na hÉireann.”
Cothaíonn comhoibriú nuálaíocht.
“Tá an deis obair a dhéanamh i gcomhar le réimsí disciplíní ar cheann de na gnéithe is luachmhara den Chomhaltacht Ad Astra. I dtionscadail amhail Ensure-6G agus Robust-6G, bhí mé in ann bearta slándála a chomhtháthú le creata níos leithne. Neartaigh na heispéiris sin mo chumas chun éiceachórais taighde casta a bhainistiú agus na comhpháirtíochtaí sin a fhorbairt. Bhí ról lárnach ag an gcomhaltacht freisin maidir le mo chur chuige a fhorbairt i leith meantóireacht a chur ar fáil do mhic léinn iarchéime agus do thaighdeoirí luathghairme.”
Tá rath ag spreagadh na nglún atá le teacht.
“Deis den chéad scoth atá sa Chomhaltacht Ad Astra chun aistriú go dtí an saol acadúil gan spriocanna taighde a bheith thíos leo. Cuireann an chomhaltacht ardán cothrom ar fáil i leith fáis, mar oide agus mar thaighdeoir.
Dar liomsa, baineann rath sa taighde ní hamháin le baint amach pearsanta ach freisin le hoidhreacht a thógáil a spreagfaidh agus a chumasóidh na glúine atá le teacht.”
(opens in a new window)Próifíl an Taighdeora: Madhusanka Liyanage
Ollamh Cúnta Nicholas Brereton, Scoil na Bitheolaíochta agus na hEolaíochta Comhshaoil UCD
Tá ár dtuiscint ar an gcaoi a mbíonn orgánaigh ag idirghníomhú ar fud éiceachórais á hathrú ag an Dr Nicholas Brereton. Lena obair nuálach déantar iniúchadh ar an géiniteach agus ar bhithcheimic idirghníomhaíochtaí trasríoga, rud a léiríonn an chaoi ar féidir leis an eolaíocht dul i ngleic le dúshláin an tsaoil réadúil ar an bpláinéad seo agus lasmuigh de.
“Fiosraíonn m’obair an tslí a dtéann miocróib, amhail baictéir agus fungais, i bhfeidhm ar phlandaí, ar shláinte an duine agus ar éiceachórais spáis, fiú. Sa talmhaíocht, déanaim staidéar ar an gcaoi ar féidir linn dul i bhfeidhm ar idirghníomhaíochtaí idir plandaí agus miocróib chun teacht aniar agus inbhuanaitheacht na mbarr a fheabhsú, agus sa tsláinte, fiosraím an chaoi a dtéann micribhithóm na putóige i bhfeidhm ar ghalareolaíocht nó ar théarnamh tar éis misin sa spás a bhfuil tréimhse fhada ama ag baint leo.”
Téann sé níos faide ná daoine eile lena obair.
“Tá bród orm a rá gur ghlac mé páirt i misin taighde NASA a bhí rathúil, agus tá mé ag obair ar thionscadail a fhaigheann tacaíocht ó Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa agus ó Ghníomhaireacht Spáis Cheanada. Tá barra á bhfás againn in ithir ghealaí agus Mharsa ionsamhlaithe agus tá staidéar á dhéanamh againn ar an mbealach a bhfuil tionchar ag spáseitilt ar mhicribhithóim agus ar shláinte spásairí. Treisíonn na heispéiris sin an tslí ar féidir le heolaíocht idirdhisciplíneach fíorcheisteanna a fhreagairt anseo agus sa spás araon.”
Tá fiosracht agus dianseasmhacht i leith réiteach fadhbanna mar cheann feadhna.
“Thosaigh an fhiosracht atá agam ó thaobh an réimse sin de le linn tionscadal fítifheabhsúcháin i gCeanada, áit ar úsáideamar saileacha a fhásann go tapa chun ithir ola-éillithe a ghlanadh. Fuaireamar amach ní hamháin gur bhraith teacht aniar na gcrann ar a bhfreagairtí géiniteacha ach freisin ar na hidirghníomhaíochtaí le baictéir fhréamhbhainteacha. Spreag sé sin mo shuim i gcórais iomlána seachas orgánaigh ar leith, rud a théann i bhfeidhm ar mo thaighde sa lá atá inniu ann.”
Rud nua d’Éirinn a bhuí le tacaíocht chriticiúil.
“Cuireann an áislann Rosemount um fhás plandaí ar an gcampas Belfield timpeallacht iontach ar fáil dúinn chun na chéad phlandaí in Éirinn a fhás in ithir ghealaí agus Mharsa araon. Tá sé lárnach chun réitigh i gcomhair talmhaíocht easdomhain a fhorbairt, chun ullmhú a dhéanamh maidir leis na dúshláin a bhaineann le barra a fhás ar an nGealach nó ar Mhars. Mar bhall den Chomhaltacht Ad Astra, bhuail mé le grúpa taighdeoirí atá an-tacúil ar fad agus a bhfuil an paisean céanna acu dul i ngleic le mórcheisteanna agus fionnachtain nua a dhéanamh inrochtana. Agus chuidigh sé sin linn tacaíocht chistithe a fháil le déanaí ó Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa agus ón DAFM.
Todhchaí na hÉireann i leith taighde den chéad scoth.
“Ag féachaint amach anseo, díreoidh mé m’fhócas ar ról na hÉireann i dtaighde domhanda a neartú, go háirithe sa talmhaíocht agus sa tsláinte, tríd an ilnómaíocht a chur chun feidhme i dtionscadail thrasdisciplíneacha. Tá súil agam freisin an chéad ghlúin eile d’eolaithe a spreagadh chun glacadh leis an bhfiosracht agus leis an gcomhoibriú chun dul i ngleic le dúshláin na todhchaí, anseo ar an Domhan nó níos faide i gcéin.”
(opens in a new window)Próifíl an Taighdeora: Dr Nicholas Brereton
Ollamh Cúnta Sonya Deschenes, Scoil na Síceolaíochta UCD
Tá an Dr Sonya Deschenes i mbun taighde ar na ceangail nach gcuirtear san áireamh go minic idir sláinte fhisiceach agus meabhairshláinte. Mar mheascán de shíceolaíocht agus d’eipidéimeolaíocht, téann a saothar thar an eolaíocht agus baineann sé le tuiscint a fháil ar eispéireas an duine atá ag maireachtáil leis na dúshláin sin.
“I mo thaighde féachaim ar an gcaoi a n-imríonn breoiteachtaí, dúlagar mar shampla, tionchar ar bhreoiteachtaí fisiceacha ainsealacha amhail an siondróm meitibileach agus diaibéiteas chineál 2. Tá suim ar leith agam maidir le tuiscint a fháil ar an mbealach a mbaineann cúinsí amhail tráma le linn na hóige agus fadhbanna meabhairshláinte leis na breoiteachtaí sin, agus maidir leis sin, an tslí a bhfuil tionchar ag fulaingt le breoiteachtaí sláinte ainsealacha ar d’fholláine mheabhairshláinte.”
Ag dul i ngleic le cuid de na fadhbanna sláinte is práinní atá againn faoi láthair.
"Tá mé ag obair ar roinnt tionscadal, lena n-áirítear stiogma an diaibéitis, comhghalrachtaí meabhairshláinte i mbreoiteachtaí sláinte fisiceacha agus ról de chúinsí luathshaoil amhail eispéiris dhíobhálacha san óige maidir le torthaí sláinte fisicí agus meabhraí ar fud thréimhse an tsaoil. Mar thionscadal samplach, d’úsáideamar feinitíopáil dhigiteach chun iompraíochtaí sláinte agus meabhairshláinte de dhaoine a bhfuil diaibéiteas chineál 2 acu a rian. Baineann sé le bealaí nua a aimsiú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin trí thaighde."
Bhí dúshláin ag baint le bogadh go hÉirinn ach bhí líonra tacaíochta ar fáil.
“Nuair a bhog mé ó Cheanada go hÉirinn, bhí sé dúshlánach mo líonraí comhoibrithe a mhéadú, go háirithe i rith na paindéime COVID-19. Bhí an t-ualach teagaisc laghdaithe a chuireann an Chomhaltacht Ad Astra ar fáil ina chuidiú, agus tugadh am dom a bhí ag teastáil uaim chun líonraí a thógáil anseo in Éirinn agus ar fud na hEorpa freisin. Thug sé rochtain ar chistithe thaighde dom freisin, rud a chur deis ar fáil dom freastal ar níos mó comhdhálacha agus mo chomhoibrithe a mhéadú.”
An Chomhaltacht Ad Astra. Cór cinniúna agus catalaíoch.
“Bhí sé ríthábhachtach deis a fháil mo chéad mhac léinn PhD a fhostú chun mo shaotharlann a bhunadh agus chun roinnt tionscadal taighde tábhachtach a thosú. Bhí an tacaíocht seo lárnach maidir le tús a chur le mo chuid taighde go tapa, staidéar ar fheinitíopáil dhigiteach a chur ar bun san áireamh, agus bheadh sé deacair acmhainní a chur ar fáil don tionscadal sin gan é.”
Focail chomhairle dóibh siúd atá ag smaoineamh faoin gComhaltacht Ad Astra.
“Má tá duine ar bith ag smaoineamh faoi iarratas a chur isteach ar an gComhaltacht Ad Astra, mholfainn go tréan dóibh é a dhéanamh. Cuireann an chomhaltacht acmhainní, tacaíocht agus deiseanna ar leith ar fáil agus gheobhaidh tú cabhair agus acmhainní ar fud UCD. Tugann sé am duit díriú isteach ar na rudaí is tábhachtaí.”
(opens in a new window)Próifíl an Taighdeora: Dr Sonya Deschenes
An Comhollamh Fangzhe Qiu, Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis
Is meascán de theanga, stair agus an dlí é saothar an Chomhollaimh Fangzhe Qiu. An chaoi a bhforbraíonn teangacha in imeacht ama a fhiosrú. An fáth a n-athraíonn focail, an chaoi a gclaochlaíonn fuaimeanna agus cad atá á léiriú ag na hathruithe sin faoi chultúir éagsúla. Ag féachaint siar sna blianta, chun dlíthe a thuiscint agus anuas air sin léargas a fháil ar na daoine a chruthaigh iad agus a mhair dá réir.
“Clúdaíonn mo thaighde teangeolaíocht stairiúil, rud lena mínítear an chaoi a n-athraíonn teangacha in imeacht ama; teangeolaíocht fhoirmiúil, rud lena mbreathnaítear ar an gcaoi a dtógtar teangacha daonna ó bhunfhuaimeanna agus ó bhunchoincheapa; agus an Luath-Fhéineachas. Caithim cuid mhór de m’am ar théacsanna dlíthiúla meánaoiseacha a aistriú agus eagarthóireacht a dhéanamh orthu, a mbrí a léirmhíniú agus a dtábhacht sóisialta a fhiosrú.”
Bealach acadúil a tháinig i gcruth nuair a bhí sé óg.
“D’fhás mé aníos i dtimpeallacht ilteangach, rud a spreag mé suim a chur i dteangacha. Mar thoradh air sin thosaigh mé ar staidéar a dhéanamh ar an teangeolaíocht, ach chomh maith leis sin chuaigh mé leis an dlí ar ollscoil, mar d’aithin mé tábhacht an dlí maidir le dul i bhfeidhm ar shochaithe agus idé-eolaíochtaí. Nuair a bhí mé i mo mhac léinn malairte san Ísiltír, bhí deis agam an tSean-Ghaeilge a fhoghlaim. Cór cinniúnach a bhí ann, rud a thug mé go dtí an áit a bhfuil mé anois.”
Tá an tseasmhacht agus an tacaíocht cheart ag teastáil ó gach aistear acadúil.
“Is cuid bharrthábhachtach de m’aistear acadúil é an Chomhaltacht Ad Astra, agus chuir sé timpeallacht seasmhach ar fáil dom ionas gur féidir liom béim a chur ar mo chuid taighde agus barrfheabhas a chur ar mo chuid múinteoireachta. Tá tacaíocht den scoth faighte agam ó Thaighde UCD maidir le hiarratas a chur isteach ar chistiú seachtrach, rud atá sárluachmhar. Bhain mé leas iontach as Deontas Tionscnaimh de chuid ERC ó thaobh mo thaighde agus m’oibre de.”
Tá comhoibriú ríthábhachtach i leith meantóireachta.
“Agus meantóireacht á cur ar fáil againn do mhic léinn PhD agus máistreachta, caithimid a lán ama i mbun plé agus léimh le chéile faoi gach rud. Foghlaimímid óna chéile. Cuirim béim láidir ar ionracas acadúil; tá sé tábhachtach nuair atáimid ag iarraidh fírinne eolaíoch a bhaint amach le bheith ionraic faoi na nithe nach bhfuil ar eolas againn agus botúin a admháil atá déanta againn.”
Bíonn fócas i gcónaí ar an chéad rud eile.
“Ag féachaint amach romhainn go 2025, tá sé beartaithe agam tuilleadh alt a chur isteach agus modúl nua Meán-Bhreatnaise a fhorbairt chun cabhrú le Léann Ceilteach UCD a mhéadú. Tá an-fhonn orm scoláirí ar cuairt a óstáil agus tuilleadh comhoibrithe idirnáisiúnta a chothú chun teorainneacha mo réimse a shárú.”
(opens in a new window)Próifíl an Taighdeora: Comhollamh Fangzhe Qiu