Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >

Nósanna Imeachta Iarratais agus Roghnúcháin

Nósanna Imeachta Iarratais agus Roghnúcháin

Déanfaidh iarrthóirí iarratas tríd an nasc atá le fáil ar www.ucd.ie/adastrafellows

San áireamh sna hiarratais beidh litir chumhdaigh, ina ndéanfaidh an t-iarrthóir cur síos ar an tslí a bhfuil a p(h)róifíl acadúil agus taighde ailínithe le ceann amháin nó níos mó de théamaí straitéiseacha COBÁC (1. Sochaí Dhomhanda Inmharthana a Chruthú, 2. Claochlú a dhéanamh tríd an Teicneolaíocht Dhigiteach, 3. Domhan Sláintiúil a Fhorbairt, 4. An Cine Daonna a Chumasú), CV iomlán lena n-áirítear gach foilseachán taighde agus deontas taighde go dtí seo i dteannta le haon fhoilseachán atá curtha ar fáil chun críche foilsithe ach nach bhfuil foilsithe fós, agus ainmneacha agus sonraí teagmhála triúr moltóir poitéinsiúla. Is féidir tuilleadh sonraí faoi théamaí straitéiseacha COBÁC a fháil ag an nasc seo a leanas http://www.ucd.ie/adastrafellows/

Tá COBÁC tiomanta do chomhionannas deise, éagsúlacht agus ionchuimsiú chomh fada is a bhaineann sé le fostaíocht. D'fhonn cabhrú leis an mbeartas seo maidir le Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú a chur chun feidhme, mholfaimid d'iarrthóirí an Uirlis Faireacháin Éagsúlachta a chomhlánú ag an gcéim iarratais chun cur ar chumas COBÁC faireachán a dhéanamh ar thionchar a chleachtas earcaíochta ionchuimsithí agus chun spriocanna éagsúlachta atá sonraithe mar chuid de Phlean Gníomhaíochta um Chomhionannas Inscne 2020 – 2024 agus Straitéis Comhionannais, Éagsúlachta agus Ionchuimsitheach 2018 – 2020 - 2024 a chomhlíonadh. Áirítear le Faireachán Éagsúlachta, faisnéis a bhailiú, a stóráil agus anailís a dhéanamh uirthi, i ndáil leis na naoi bhforas cosanta faoi reachtaíocht Chomhionannais chun críche staidrimh amháin díreach sa chás go mbeidh na sonraí staitistiúla ar fad anaithnidithe. Caithfear leis an bhfaisnéis a bhailítear ar an scáileán seo ar leithligh agus go slán de réir cheanglais chosanta sonraí RGCS. Is ceistneoir dheonach agus rúnda í seo agus NÍ BHEIDH sonraí ar fáil do dhaoine a bhfuil d'iarratas fostaíochta á bhreithniú acu ag aon am. Molaimid d'iarrthóirí an uirlis faireacháin éagsúlachta a chomhlánú agus tuilleadh faisnéise a léamh maidir le gealltanas COBÁC d'ionad oibre éagsúil agus ionchuimsitheach a chruthú ag https://www.ucd.ie/equality/

Déanfaidh an Bord gach iarratas a mheasúnú de réir Bheartas an Lárionaid Ceapachán Acadúil. San áireamh sa mheasúnú seo tá cuntas teiste agus cumas an iarrthóra; an cóimheas mac léinn:foireann teagaisc sa scoil ábhartha i gcomparáid le noirm an ghrúpa comparadóra don disciplín; méid, láidreacht agus cumas na disciplín/réimse idirdhisciplíneach ábhartha COBÁC i gComhthéacs COBÁC; ailíniú an iarrthóra le réimsí tosaíochta COBÁC; ionchur an iarrthóra le cuspóirí Comhionannais, Éagsúlachta agus Ionchuimsithe; agus infhaighteacht saoráidí oiriúnacha faoi láthair agus amach anseo.

Cuirfear in iúl d'iarrthóirí nár éirigh lena n-iarratas a luaithe agus is féidir.

Tabharfar cuireadh chun agallaimh d'iarrthóirí gearrliostaithe, agus chun seimineár a chur i láthair comhghleacaithe comhalta féideartha. Athrófar na scóir bunaithe ar fheidhmíocht i rith an agallaimh agus an tseimineáir, agus déanfar cinneadh deiridh maidir le cibé acu an ndéanfar nó nach ndéanfar tairiscint.

Cabhróidh an próiseas roghnúcháin cuimsitheach agus stuama seo le COBÁC cinneadh a dhéanamh maidir le cé a cheapfar mar Chomhaltaí Ad Astra.

Comhaltaí Ad Astra UCD

An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Belfield, Baile Átha Cliath 4, Éire.
T: +353 1 716 7777