Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >

Scoil Ghnó UCD

Is scoil ghnó dhinimiciúil dhian-taighde í Scoil Ghnó UCD atá lonnaithe i bpríomhchathair bhríomhar Eorpach, Baile Átha Cliath. Agus é breis is céad bliain ar an bhfód, tá oiliúint curtha ag an gColáiste ar cheannairí gnó a chuaigh i bhfeidhm go mór ar fhorbairt eacnamaíochta na hÉireann agus níos faide ar shiúl. Tá 103,000 céimí ag an gColáiste ar fud an domhain. 

Áirítear go leanúnach go bhfuil an Coláiste ar cheann de na príomhscoileanna gnó ar domhan, agus faoi láthair tá an Coláiste Gnó sa 22ú háit i rangú Scoileanna Gnó Eorpacha de chuid an Financial Times.

Is é an t-aon bhall Éireannach den Global Alliance in Management Education (CEMS) agus den Global Network for Advanced Management (GNAM), agus tá na trí mhórchreidiúnú ó AACSB (Stáit Aontaithe Mheiriceá), EQUIS (An Eoraip) agus AMBA (An Ríocht Aontaithe) ina seilbh chomh maith.

Táimid díreach tar éis próiseas pleanála straitéise a chur a i gcrích a leagann amach clár gnó corraitheach agus uaillmhianach don choláiste sna blianta atá amach romhainn i dtaca le taighde agus nuálaíocht, teagasc agus foghlaim, agus rannpháirtíocht fhiúntach phobail. Chun tacú le huaillmhianta straitéiseacha an Choláiste agus na hOllscoile, táimid ag iarraidh comhghleacaithe fuinniúla le spiorad foirne a earcú don dáimh, a mbeadh tionchar suntasach acu sna gnéithe seo ar fad.

Cuimsíonn an coláiste Scoil Ghnó Lochlann Uí Chuinn ('Scoil Uí Chuinn'), Scoil Ghnó Michael Smurfit ('Scoil Smurfit'), Campas Domhanda - Gnó UCD, agus Forbairt Feidhmiúcháin Smurfit (‘Forbairt Feidhmiúcháin’). 



Ár Limistéir Ábhair

  • Cuntasaíocht
  • Baincéireacht agus Airgeadas
  • Bainistíocht Acmhainní Daonna agus Caidreamh Fostaíochta
  • Bainistíocht
  • Córas Faisnéis Bhainistíochta
  • Margaíocht

Comhaltaí Ad Astra UCD

An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Belfield, Baile Átha Cliath 4, Éire.
T: +353 1 716 7777