Explore UCD

UCD Home >

Fóraim ar na meáin Ghaeilge, UCD, 28-29 Márta 2025

29 March 2025

Grianghraf - Clé-Deas: Eoin McEvoy, An Dr Jamie Murphy, An tOllamh Regina Uí Chollatáin, Rónán Ó Domhnaill, An tOllamh Orla Feely, Áine Ní Bhreisleáin, Iarfhlaith An tOllamh Comhlach Watson, Lynette Fay, An Dr Aoife Whelan. 

Fóraim ar na meáin Ghaeilge, UCD, 28-29 Márta 2025

Faoi choimirce Choimisiún na Meán, d'óstáil Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD), fóram plé an-rathúil ar na meáin Ghaeilge an 28 agus an 29 Márta. Ghlac geallsealbhóirí lárnacha san earnáil páirt sna fóraim sin inar clúdaíodh réimse leathan topaicí amhail an phodchraoltóireacht, na hardáin dhigiteacha agus ar líne, agus na meáin chraolta agus chlóite. Ina hóráid oscailte, tharraing Uachtarán UCD, Orla Feely, aird ar thiomantas na hollscoile tacú leis an nGaeilge, agus leag sí béim ar an tábhacht a bhaineann le maoiniú leordhóthanach, dul i ngleic le hardáin dhigiteacha agus comhoibriú a chothú le heagraíochtaí oideachais agus cultúrtha. 

Le linn phainéil léirsteanacha na bhfóram, pléadh an scéalaíocht sna meáin Ghaeilge, ról na craoltóireachta poiblí, mar aon le hionchur suntasach ó cheannródaithe san earnáil amhail TG4, RTÉ, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Tuairisc.ie, Mediahuis, saineolaithe podchraoltóireachta, Northern Ireland Screen agus meáin chlóite an Bhéarla. Ghlac na rannpháirtithe páirt i bplé fiúntach agus fiosraíodh bealaí nuálacha chun cáilíocht agus éagsúlacht na meán Gaeilge a fheabhsú. 

Cuireadh clabhsúr ar na fóraim le ceardlann ar mholtaí inghníomhaithe a bheidh mar chuid de thuarascáil dheireanach ó UCD ar an athbhreithniú cuimsitheach ar na meáin Ghaeilge ina mbeidh moltaí maidir le soláthar na meán Gaeilge amach anseo in Éirinn. Beifear ag súil leis an tuarascáil sin a fhoilsiú níos déanaí sa bhliain. 

Forums on Irish language media, UCD, 28-29 March

Under the auspices of Coimisiún na Meán, University College Dublin (UCD) hosted a highly successful forum on Irish language media on March 28th and 29th. Key stakeholders contributed to this forum covering a wide range of topics in podcasting, online and digital platforms, and print and broadcast media. In her opening speech, UCD President, Orla Feely, highlighted the university's commitment to supporting the Irish language, emphasizing the importance of adequate funding, embracing digital platforms, and fostering collaborations with educational and cultural organizations.

The forum provided insightful panels on podcasting, storytelling in Irish media, and the role of public broadcasting, with notable contributions from industry leaders from TG4, RTÉ, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Tuairisc.ie, Mediahuis, podcasting professionals, Northern Ireland Screen, and English language print media. Participants engaged in key discussions, exploring innovative ways to improve the quality and diversity of Irish language media.

The event concluded with a workshop on actionable recommendations that will feed into a final report as part of the comprehensive review of Irish language media by UCD, with recommendations for future provision of Irish language media in Ireland which is due to be published later this year.  

Photo - Left-Right: Eoin McEvoy, Dr Jamie Murphy, Professor Regina Uí Chollatáin, Rónán Ó Domhnaill, Professor Orla Feely, Áine Ní Bhreisleáin, Associate Professor Iarfhlaith Watson, Lynette Fay, Dr Aoife Whelan. 

College of Arts and Humanities

University College Dublin Belfield Dublin 4 Ireland
T: +353 1 716 7777