Aonach Gaeilge UCD | Gaeilge sa Ghnáthshaol
Posted 7 February, 2025
Aonach Gaeilge UCD | Gaeilge sa Ghnáthshaol Poster
Sprioc an Imeachta: Is é aidhm an aonaigh seo ná mic léinn a chur ar an eolas faoi na háiteanna inar féidir leo a gcuid Gaeilge a úsáid i ndiaidh na hollscoile. Beidh béim ar dheiseanna sóisialta chomh maith le deiseanna gairmeacha.
Cén chaoi ina n-oibreoidh an lá: Beidh an t-aoanch ar siúl ar 12 i.n. ar an Luain, an 17ú Feabhra, mar chuid breise de Sheachtain na Gaeilge na hOllscoile. Tabharfar deis dóibh siúd a bheidh ag freastal air dul timpeall agus féachaint ar na seastáin ó na gnólachtaí agus eagraíochtaí sóisialta Gaeilge agus go mbeidís in ann labhairt libh faoi na deiseanna Gaeilge atá ar fáil libh.
Ar 14 i.n. beidh óráidí ó bheirt aoichainteoirí, Regina Uí Chollatáin & Jarlath Burns faoi a gcuid taithí leis an teanga agus ina dhiaidh sin beidh plé painéal againn bunaithe ar Ghairmeacha le Gaeilge.
Cé a bheidh ann: Tá fáilte is fiche roimh chuile duine sa tír freastal ar an imeacht seo; mic léinn, daltaí meánscoile ach go háirithe daoine le Gaeilge nó atá ag déanamh staidéir ar an nGaeilge.