Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >

MA / Dioplóma Iarchéime: Scríobh & Cumarsáid na Gaeilge

MA / Dioplóma Iarchéime: Scríobh & Cumarsáid na Gaeilge

Tá an clár MA seo dírithe ar mhic léinn a bhfuil cúlra acadúil acu sa Nua-Ghaeilge nó in ábhar gaolmhar, agus ar ghairmithe Gaeilge agus Meán. Is é an aidhm atá againn ná an Ghaeilge is an litríocht is an cultúr a ghabhann léi a chaomhnú agus a chur chun cinn, agus béim a chur ar an tábhacht a bhaineann leis sin ó thaobh shochaí na hÉireann de, go mór mór i gcomhthéacs an Ghaeilge a bheith ina teanga oibre san Aontas Eorapach agus i gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003). Cuid lárnach den chlár is ea an bhéim a chuirtear ar thaighde comhaimseartha agus ar ardscileanna teanga, gairmiúla i réimsí mar an t-aistriúchán, an t-aistriúchán dlí, na meáin, an eagarthóireacht agus scileanna scríofa.

Ar chríochnú an chúrsa dóibh, beidh eolas domhain ag mic léinn ar na réimsí sin go léir agus scileanna maithe cumarsáide agus anailíse forbartha acu, rud a ullmhóidh do ghairmeacha beatha go leor iad, ina measc: an t-oideachas, na meáin, an tseirbhís phoiblí, taighde, eagarthóireacht agus foilsitheoireacht.

Is cás linn go mbeadh mic léinn ag foghlaim as a stuaim féin agus ag foghlaim óna chéile agus chuige sin, cuirimid timpeallacht acadúil ar fáil dóibh atá oiriúnach chun múineadh agus chun foghlaim na teanga. Tá mar thaca leis an méid sin an t-ionad foghlama teanga ilmheáin atá againn, mar aon leis na heagraíochtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta ina bhfaigheann mic léinn taithí oibre.  Is trí mheán na Gaeilge a dhéantar an múineadh agus an chumarsáid go léir, i ranganna beaga teagaisc, i léachtaí, i gceardlanna scríbhneoireachta agus meán, agus i ranganna rannpháirtíochta atá ar aon dul le seimineáir ó thaobh stíle de. Tugtar ugach do mhic léinn an Ghaeilge a labhairt san ollscoil, sa Seomra Caidrimh.

Tagann aoi-léachtóirí ar cuairt ag an ollscoil mar chuid de shraith seimineár agus tugann sé seo spléachadh do mhic léinn ar an taighde atá ar bun ag saineolaithe i réimsí áirithe. Moltar do mhic léinn úsáid a bhaint as acmhainní cartlainne digití agus iad i mbun taighde. Ar na modhanna foghlama agus measúnachta a bhaineann leis an gclár seo, tá scrúduithe béil, scrúduithe scríofa agus scrúduithe cluastuisceana; obair thionscadail, aistí, cur i láthair, seimineáir, socrúcháin oibre agus tráchtais taighde. Tugann na socrúcháin oibre deis do mhic léinn eolas a chur ar shaol gairmiúil na Gaeilge in eagraíochtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta.

(opens in a new window)Tuilleadh eolais ar na cláir le fáil ANSEO.

Alt san Irish Times leis an Dr Cathal Billings faoin gcúrsa MA sa Scríobh & Cumarsáid le fáil  (opens in a new window)ANSEO.

Mac léinn reatha, Jillian O'Malley, faoi agallamh ag an Irish Times (opens in a new window)ANSEO.