Tá sparánachtaí iarchéime ar fáil do mhic léinn de chuid MA/Dioplóma Iarchéime: Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge. Bronnfar na sparánachtaí seo a leanas go bliantúil, ach an maoiniú a bheith ar fáil.
Cuirfear na sparánachtaí ar fáil do na faighteoirí cuí nuair a bheidh na faighteoirí lánchláraithe agus rollaithe ar an gclár cuí. Meastar iarratais chuig Stiúrthóir Lárionad de Bhaldraithe/MA: Scríobh agus Cumarsáid, Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis, COBÁC, ar bhonn na gcritéar seo a leanas:
- Torthaí bunchéime;
- Ráiteas 500 focal ar thuiscint an mhic léinn ar ról na Gaeilge mar theanga phobail agus mar theanga oifigiúil;
- Toradh ar agallamh (Déanfar na socruithe don agallamh nuair atá áiteanna glactha ag na mic léinn agus tús curtha acu leis an chúrsa).
Beidh na sparánachtaí iníoctha nuair a bheidh an mac léinn cláraithe go hiomlán, agus na táillí íoctha.