Acmhainní ón Scoil
Áiseanna do na Daltaí Ollscoile
- Polasaí Gaeilge na Scoile
- Bileog Aiseolais don mheasúnú [PDF]
- Style guide for referencing (Irish language version) [PDF]
Áiseanna Foghlama ón Scoil
Cultúr@UCD
Lexicelt: Leabhrán frásaí Gaeilge-Breatnais le míreanna fuaime
Is suíomh foghlama teangacha é seo, arna chruthú ag an Dr Dewi Evans (UCD) i gcomhpháirt le Prifysgol Bangor sa Bhreatain Bheag, a chuireann ar chumas cainteoirí Gaeilge an Bhreatnais a fhoghlaim agus ar chumas cainteoirí Breatnaise an Ghaeilge a fhoghlaim.
Is éard atá sa suíomh:
- leabhrán frásaí atá roinnte de réir téamaí agus míreanna fuaime i dtrí mhórchanúint na Gaeilge (Canúint Uladh, Canúint Chonnacht agus Canúint na Mumhan ) agus i ndá mhódchanúint na Breatnaise (Breatnais an Tuaiscirt agus Breatnais an Deiscirt)
- foclóir inchuardaithe
- mír ar an ngramadach don dá theanga
(opens in a new window)http://www.lexicelt.org/
Léarscáil idirghníomhach den Ghaeltacht oifigiúil
Cruthaíodh an léarscáil seo le heolas maidir leis na canúintí a roinnt lenár gcuid mac léinn agus le háiseanna Ionad Ilmheán na Teanglainne a léiriú.
Gaeilge365 - Sraith Físeán ar an nGaeilge
Cheap Bairbre Ní Chonchuír, Riarthóir na Scoile (Gaeilge), an tsraith #Gaeilge365 chun ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge do Bhliain na Gaeilge 2018 trí bhlúire beag eolais faoin teanga a roinnt i bhfoirm físeáin gach lá. D'fhorbair Bairbre Ní Chonchúir agus an Teicneolaí Oideachais Eoin Mc Evoy an tsraith.
Is féidir teacht ar liosta iomlán na bhfíseán trí chliceáil ar an íocón ag barr fhuinneog an fhíseáin ar clé.