Is gá do gach scoláire atá cláraithe do na modúil Teanga na Gaeilge II B agus Teanga na Gaeilge III B freastal ar an gCúrsa Gaeltachta.
Dátaí Chúrsa Gaeltachta 2025
Beidh an Cúrsa Gaeltachta ar siúl 8-14 Márta 2025.
Costas an chúrsa
€150
Clúdóidh an costas sin an lóistín, an bia, na ranganna agus na himeachtaí.
Ionaid
Beidh rogha ag na mic léinn freastal ar chúrsa i gCarna i gConamara nó i nGaoth Dobhair i dTír Chonaill.
- Carna: (opens in a new window)https://www.acadamh.ie/ionaid/carna/
- Gaoth Dobhair: (opens in a new window)https://www.acadamh.ie/acadamh/ionaid/gaothdobhair/
Clárú
Beidh ar na mic léinn clárú don chúrsa Gaeltachta ag tús an dara téarma (Téarma an Earraigh). Osclófar an clárú an 20 Eanáir 2025. Tiocfar ar an nasc in Brightspace.
Is gá costas an chúrsa a íoc le clárú ar an gcúrsa. Má tá riachtanais speisialta agat (lasmuigh de riachtanais a bhaineann le bia), déan teagmháil le Stiúrthóir na Teanglainne a luaithe agus is féidir.
Tá eolas anseo faoin tacaíocht atá ar fáil ón Ollscoil: