Aschuir Taighde
Aschuir Taighde
Seimineár Taighde na Scoile
Seoladh Seimineár Taighde na Scoile sa bhliain 2018 chun éagsúlacht agus beocht an taighde atá ar bun sa Scoil a léiriú don phobal acadúil níos leithne.
2019
- An Dr Roisin McLaughlin: 'Heads and Tails: Marginalia in TCD MS H 2.15B'
- An Dr Cathal Billings: 'Cúis na hÉireann agus Tír Kruger'
2018
- An tOllamh Comhlach Caoimhín Breatnach: 'Medieval Irish Versions of the Gospel of Nicodemus'
- An tOllamh Comhlach Caoimhín Mac Giolla Léith: 'Cian agus Cóngar san Fhilíocht Chomhaimseartha'
- An tOllamh Comhlach Diarmuid Ó Sé: 'Ón mBarr Anuas i Múineadh na Gramadaí'
- An Dr Dewi Evans: 'A Seventeenth-Century Cockney Lexicographer of Welsh'
Tá cuid de na cainteanna ar fáil trí chuntas Soundcloud na Scoile, Cultúr@UCD:
Seoda Scripte: Taispeántas i Sainchnuasaigh Leabharlann UCD
Osclaíodh an taispeántas Seoda Scripte arna chur le chéile ag an Ollamh Comhlach Meidhbhín Ní Úrdail i Sainchnuasaigh UCD i mí an Mheithimh 2018. Seoladh an taispeántas go hoifigiúil i mí na Samhna 2018 le comhdháil lae.
Tá cuid de na cainteanna ón lá le fáil ar Soundcloud na Scoile:
Cultúr@UCD
Reachtálann an Scoil seimineáir agus léachtaí poiblí go rialta le fáilte a chur roimh an bpobal chuig an Scoil agus le saineolas ár gcuid taighdeoirí a roinnt leo siúd a chuireann spéis sna hábhair sin. Déantar taifeadadh ar na cainteanna seo agus cuirtear ar fáil iad ar Cultúr@UCD, cuntas Soundcloud na Scoile, le go mbeidh teacht ag an bpobal orthu, beag beann ar an áit a bhfuil siad ar domhan.