Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >
íomhá forleagan

FLEXI

Téacsanna luaineacha ⁊ achoimrí na scoláirí: (ath)c(h)ruthú dlí in Éirinn mheánaoiseach

Achoimre

An aidhm atá ag FLEXI ná tuiscint a fháil ar an gcaoi a raibh an dlí seachadta agus athchruthaithe le scoláirí in ionad le húdarás láraithe san Eoraip mheánaoiseach. Déantar é seo trí stáidéar ar Achoimrí an Fhéineachais a scríobhadh le dlíodóirí Éireannacha sa Mheánaois Dheireanach.

Baineann FLEXI le réimsí na staire intleachta, an dlí in Éirinn mheánaoiseach, na pailéagrafaíochta, na staire dlíthiúla comparáidí agus na ndaonnachtaí dleathacha.

Trí chomhcheangal a dhéanamh ar mhúnla sonraí nasctha agus anailís líonra, stair dhlíthiúil chomparáideach agus modhanna próiseála teanga nádúrtha, scrúdaíonn FLEXI struchtúr agus naisc na dtéacsanna chomh maith lena n-ábhar, ag díriú go háirithe ar a bprionsabail tiomsaithe agus líonraí intleachtúla. Athróidh sé an chaoi a n-úsáidimid doiciméid mheánaoiseacha chun tuiscint a fháil ar shaol intleachtúil agus ar athchruthú téacsúil.

Déantar imscrúdú ar an gcaoi ar cruthaíodh agus ar athchruthaíodh téacsanna dlí ilghnéitheacha agus conas a glacadh leo mar fhoinsí dlí san Eoraip mheánaoiseach. Táimid ag úsáid ceithre shraith de théacsanna dlí Éireannacha as an Meánaois Dheireanach a dtugtar na hAchoimrí orthu mar phríomhábhar staidéir. Cuimsíonn na hAchoimrí téacsanna a bailíodh ó fhoinsí éagsúla agus eagraíonn siad i n-athbhreithniú córasach ar an traidisiún dlíthiúil iad.

Léiríonn na téacsanna an dlí in oibriú i bhfoirm líonraí idirthéacsúla an-éagsúla agus casta, agus dá bhrí sin is sampla idéalach iad chun staidéar a dhéanamh ar an dinimic idir sreabhacht agus aontacht i dtéacsanna dlí mheánaoiseacha.

Ní hamháin gur céad-staidéar domhain ar na hAchroimrí atá anseo, ach freisin iarracht cheannródaíoch chun filíocht, stair dhlíthiúil chomparáideach, teoiricí líonraí, agus teicnící digiteacha a shintéisiú chun taighde ar théacsanna dlí mheánaoiseacha a réabhlóidiú.

Rianaíonn agus tomhaiseann FLEXI na foinsí a úsáidtear sna hAchroimrí go cainníochtúil, trí úsáid múnla sonraí nasctha agus anailís líonra chun a bprionsabail tiomsaithe agus patrúin athúsáide téacsanna a nochtadh. Is cur chuige nuálach é seo chun iniúchadh a dhéanamh ar chruinne intleachtúil na ndlíodóirí. Déanann sé measúnú ar an éagsúlacht laistigh de na hAchroimrí agus scrúdaíonn sé na teicnící léirmhínithe trína n-éirigh leis na dlíodóirí an éagsúlacht a réiteach agus a chomhchuibhiú.

Bíonn FLEXI freisin ag lorg tionchar féideartha ó thraidisiúin dhlí eile amhail an Dlí Canónta agus an Dlí Sibhialta ar phrionsabail tiomsaithe na nAchroimrí, agus déanann sé comparáid le dlí meánaoiseach na Breataine Bige ar an gcaoi ar caitheadh agus ar nuashonraíodh ábhair oidhreachta in Éirinn agus sa Bhreatain Bheag.

Ar deireadh, tástálann agus forbraíonn FLEXI bogearraí chun aitheantas uathoibrithe a dhéanamh ar théacsanna comhthreomhara (athúsáid téacsanna), go háirithe ar théacsanna luatha Éireannacha. Cuirfidh an trealamh agus na bogearraí a fhorbraíonn FLEXI réiteach digiteach ar fáil a bhfuil géarghá leis chun próiseáil téacsanna luatha Éireannacha, toisc gur féidir leis téacsanna comhchosúla a aithint go tapa as corpais mhór na n-ábhar Éireannach, agus mar sin nochtann sé caidrimh idirthéacsúla atá ceilte ón tsúil dhaonna.

Glacann FLEXI maoiniú ón (opens in a new window)Aontas Eorpach (ERC 2022 StG), uimhir aitheantais chomhaontaithe 101076246

(opens in a new window)DOI 10.3030/101076246

Achar: Meán Fómhair 2023 - Lúnasa 2028

Black lowercase letters reading

Ócáidí

30 Aibreán 2024

Andrew Ó Donnghaile, cur i láthair ar cuireadh: The FLEXI Project: Jurists and textual transmission in medieval Ireland

Torthaí

Foireann an Tionscadail

Sinne an fhoireann taighde FLEXI.

Staff member Fangzhe Qiu 2020

Fangzhe Qiu

Príomhthaighdeoir an Tionscadail

Is ollamh comhlach é Fangzhe sa Scoil GLCB. Is iad na réimsí taighde is mó is spéis leis ná teangeolaíocht stairiúil cheilteach, dlíthe na Luath-Ghaeilge, agus litríocht na Meánaoise. Tá suim mhóir aige sa chomhréir ghiniúnach, teangeolaíocht chorpas agus cait ‘tuxedo’ chomh maith. Is é príomhthaighdeoir an tionscadail FLEXI.

Amharc ar an bpróifíl (cluaisín nua)
Profile photo of Cassandra Pruetz

Cassandra Pruetz

Cúntóir Taighde

Is Cúntóir Taighde sa tionscadal seo í Cassandra agus í ina dalta chéad bliana PhD in Ollscoil na hÉireann Mhá Nuad. Ar an suim taighde aici tá na réimsí seo, go háirithe a bhaineann le hÉirinn meánaoiseach: an cultúr físiúil, líonraí intleachta, an teangeolaíocht stairiúil agus staidéar ar aistriúchán. Rudaí eile is spéis léi ná amharc-ealaíona, ceol, madraí agus obair chun a chinnitiú gur réimse ionchuimsitheach agus inrochtana é Léann Ceilteach.

Profile photo of Andrew Ó Donnghaile

Andrew Ó Donnghaile

Comhalta Taighde Iardhochtúireachta

Is comhalta taighde iardhochtúireachta ar dhlí in Éirinn mheánaoiseach é Andrew Ó Donnghaile.

Is iad na réimsí taighde is mó is spéis leis ná an dlí in Éirinn mheánaoiseach, stair mhíleata agus polaitíochta oileánach mheánaoiseach agus scileanna marcaíochta in Éirinn mheánaoiseach atá bunaithe ar mhodh praiticiúil athchruthaitheach.

Tá baint aige chomh maith le taighde agus athchruthú ar chogaíocht agus eachaíocht Eoráiseach. Déanann sé cleachtadh ar ealaíona comhraic eachaíochta Eoráiseacha faoi láthair.

Profile photo of David Ó Laigheanáin

David Ó Laigheanáin

Ríomhchláraitheoir Taighde

Tá an-taithí ag David Ó Laigheanáin ar innealtóireacht bhogearraí ⁊ chluichí san earnáil phríobháideach. Mar sin, airsean atá freagracht as ár gcuid teicneolaíochta: samhlacha teanga nádúrtha, uirlisí ⁊rl. Ar na hábhair spéise eile atá aige tá an Ghaeilge, ceol, eiceolaíocht, ficsean eolaíochta, ceartas míchumais ⁊ an pholaitíocht.