中国西安长安大学文化交流项目
Malartán Cultúrtha le hOllscoil Chang'an, Xi'an, an tSín
Is ar líne a bhí Clár Cultúrtha Ghaeltacht UCD le hOllscoil Chang'an i 2021 de bharr srianta Covid 19. Seo thíos sampla de thrí fhíseán gearr ó mhic léinn UCD.
1. Na Píb Uilleann:
Seán Ó Casaide
Píosa ceoil leis an bpíobaire, Seán Ó Casaide, mac léinn leighis UCD, mar chuid de chlár cultúrtha le hOllscoil Chang'an, Bealtaine 2021.
Click the WATCH HERE chun an físeán a fheiceáil (cur i láthair i mBéarla)
2. Liathróid Láimhe:
Clodagh Nash
Tugann Clodagh Nash, alumna Ghaeltacht UCD agus scoláire spóirt UCD, léargas ar liathróid láimhe, spórt traidisiúnta, mar chuid de chlár cultúrtha le hOllscoil Chang'an, Bealtaine 2021.
Brúigh ar Tuilleadh Eolais chun an físeán a fheiceáil (cur i láthair i mBéarla)
3. Connemara, Galway
Insíonn mic léinn scoláireachta Ghaeltacht UCD, Mary Nic Dhonncha and Áine Ní Chualáin, dúinn faoina gceantar dúchais, Conamara, Gaeltacht suite in iarthar na hÉireann, mar chuid de chlár cultúrtha le hOllscoil Chang'an, Bealtaine 2021.
Brúigh ar Tuilleadh Eolais chun an físeán a fheiceáil (cur i láthair i mBéarla)