
An tOllamh Dolores O’Riordan
An Leas-Uachtarán do Chaidreamh Domhanda
Tá Dolores freagrach as forbairt agus as cur i bhfeidhm Straitéis UCD um Chaidreamh Domhanda.
Is Ollamh le Bia-Eolaíocht í, agus díríonn a cuid taighde ar airíonna fisiciceimiceacha chomhábhair bhia agus ar chomhdhéanamh bia a chruthú a fheabhsóidh buntáistí sláinte. Tá naisc ghníomhacha ag a clár um thaighde bia le hollscoileanna san Eoraip, sna Stáit Aontaithe, san Astráil agus sa tSín. Tá breis agus 40 mac léinn iarchéime stiúrtha chun críche aici agus tá breis agus 100 foilseachán piarmheasúnaithe aici. Is í príomhthaighdeoir UCD in dá mhórionad teicneolaíochta, Food for Health Ireland agus Dairy Processing Technology Centre.
Bronnadh Gradam Eolaíocht na Beatha agus Thráchtálaíocht Bhia de chuid Fhiontraíocht Éireann uirthi in 2012 mar aitheantas ar a hionchur iontach i dtaobh nuálaíochta i dtionscal an bhia. Sular tháinig sí chuig UCD d'oibrigh sí i réimse an taighde agus na forbartha le comhlacht bia ilnáisiúnta a fhreastalaíonn ar mhargaí domhanda. Is comhairleoir í ar roinnt