Rónta /
Seals
Informant: Eoin Ó Neachtáin
Age: Unknown
Address: Carna, Co. Galway
Collector: Liam Mac Coisdealbha, National Folklore Collection, UCD
Date of Recording: 1935
Reference:

NFC 159: 423

Landscape in Carna, 1925 [Carl W. Von Sydow, National Folklore Collection, UCD]

Rónta

Bhí anseo fadó san ám a mbíodh daoine a’ déana’ ceirde as marú róinte. Ach ar an mbaile seo a bhfuil muid ann anois, san Áird Mhóir, mharaíodar dhá rón óga amuigh i gCarraig na Meacan agus bhíodh siad ag éisteacht leis an dá rón ag caoineachán na róintí óga, agus séard a deireadh an dá rón;
            
            “Ó, nach mairg ariamh tháinig dhon tír
            Ag ithe na ndaoine i leaba na feola.
            Níl a’m le fáil ach boisín Shaibhín agus coisín Mhóirín.”

Seals

People made a living killing seals around here long ago. But in this town where we are now, in Ardmore, they killed two young seals out in Carraig na Meacan and they could hear the two seals lamenting the young seals, and what they said was;
 
            “Oh isn’t it a pity they ever came ashore
            To end their days eaten by people
            All that’s left is Saibhín’s little hand and Móirín’s little foot.”