Posted: 05 September 2008
>> As Bearla
Maoiniú Rialtais d’oiliúint iarchéime i scileanna teanga sa Ghaeilge
Tá maoiniú €3 milliún tugtha ag an Roinn Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta tríd an Údarás um Ard-Oideachas do Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta, UCD, le tús a chur le sainchláir iarchéime dírithe ar scileanna teanga.
Soláthróidh UCD sraith cúrsaí Gaeilge ag leibhéal dioplóma iarchéime agus máistreachta, ag tosú le haistriúchán agus eagarthóireacht san Fhómhar, 2008, agus
ag leathnú amach go riarachán, ateangaireacht agus dlí an bhliain seo chugainn. Freastalóidh na cúrsaí seo ar riachtanais na n-earnálacha poiblí agus príobháideacha
araon i gcothú na Gaeilge mar theanga inniúil oibre.
‘Dearbhaíonn an maoiniú seo tiomantas an Stáit don Ghaeilge’, a deir an tOllamh Liam Mac Mathúna, Ceann na Scoile. Is é aidhm an tionscnaimh ná tabhairt faoi shainriachtanais teanga i gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla, ach dar leis an Ollamh Mac Mathúna go dtabharfaidh sé tacaíocht do stádas na Gaeilge mar an 23ú teanga oifigiúil san Aontas Eorpach chomh maith.
‘Ón uair a bronnadh stádas oifigiúil agus oibre ar an nGaeilge i mí Eanáir 2007 aistrítear eochair-reachtaíocht uile an AE go Gaeilge. Déantar ateangaireacht ar an nGaeilge ag cruinnithe comhairle rialtais agus ag seisiúin iomlánacha Pharlaimint na hEorpa, agus ar leibhéal praiticiúil, is féidir le hiarrthóirí, a chuireann isteach ar phoist in institiúidí AE, an Ghaeilge a liostáil ar cheann den dá theanga oifigiúla atá riachtanach.’
De réir an Roinn Gnóthaí Eachtracha, tá idir 20 agus 30 aistritheoir riachtanach in institiúidí éagsúla an AE. ‘Tá deiseanna den scoth ann do na céimithe a thagann amach as na cláir seo’, a deir an tOllamh Mac Mathúna leis.
Taobh amuigh dá fócas traidisiúnta taighde, tá béim mhór leagtha ag Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta, UCD, ar scileanna gairmiúla teanga. ‘Tá fás ag teacht i gcónaí ar líon na mac léinn a bhfuil suim acu sa dá shraith: taighde agus an teanga fheidhmeach’, a deir an tOllamh Mac Mathúna.
Ag tógáil ar an rath atá ar chlár máistreachta na Scoile a dhíríonn ar na meáin agus ar chúrsaí cumarsáide, MA: Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge, agus ar an
Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach, cuirfear an tsraith nua de chláir iarchéime ar fáil faoi choimirce Lárionad de Bhaldraithe do Léann na Gaeilge. Nuair is gá, beidh taithí oibre ina cuid de churaclam na gclár.
‘Agus tá borradh feicthe againn i líon na mac léinn ag leibhéal fochéime. D’ardaigh líon na mac léinn a ghlac modúl Teanga na Gaeilge sa chéad bhliain go 220 anuraidh. Thugamar Gaeilge ab initio isteach do mhic léinn gan aon eolas acu ar an teanga agus leibhéal bunchloch isteach do mhic léinn a bhfuil suim acu inti ach gan líofacht iomlán acu sa teanga.’