Research News

Ireland-Wales research partnership on sustainable tourism for uplands regions

  • 21 March, 2022

 

Read the story in Irish

 

Researchers from UCD School of Geography are partnering with academic colleagues in Aberystwyth University on a new European project to boost tourism in rural areas of Wales and Ireland.

The €3 million project – Coastal Uplands: Heritage and Tourism (CUPHAT) – is led by Aberystwyth, in partnership with UCD and the Dyfed Archaeological Trust, supported by the European Regional Development Fund through the Ireland-Wales Cooperation programme.

Funded for two years, the project will examine cultural and natural heritage assets to promote sustainable forms of tourism in the Cambrian Mountains and Preseli Hills in Wales, and Wicklow Mountains and Blackstairs Mountains – led in Ireland by co-PIs from UCD School of Geography Dr Christine Bonnin and Dr Arlene Crampsie.

The Ireland-Wales scheme will explore several elements, including:

  • Use of technology to enhance visitor experience
  • Creating a tourism network and joint marketing strategy
  • Working with schools and other groups to record local cultural histories

Dr Christine Bonnin and Dr Arlene Crampsie said: "Drawing on the rich natural and cultural heritages of the coastal uplands bordering the Irish Sea, this project offers local communities and tourism stakeholders an exciting opportunity to develop sustainable, locally appropriate tourism offerings. 

"Combining existing and new heritage tourism initiatives, the project will showcase the shared and unique aspects of our joint heritages to a diverse tourist audience, helping to build sustainable tourism through community development."

The initiative also aims to bring economic benefits. Specifically, the goal is to increase the number of tourists in these areas, and their spending, by five per cent, and create or expand eight local microenterprises.

Professor Rhys Jones from Aberystwyth University said: “The four coastal upland areas of the Cambrian Mountains, Preseli Hills, Wicklow Mountains and Blackstairs Mountains have historically been reliant on traditional industries such as agriculture and forestry. Each of the areas possesses some tourism infrastructure in addition but, at present, this is relatively under-developed, especially when compared with the mass tourism taking place along the coasts of both Ireland and Wales.

“In Ireland and Wales, Brexit is likely to have an impact on tourism. However, unexpectedly, Brexit and the COVID-19 pandemic may encourage more people to holiday at home. This creates opportunities for more regions to benefit from new types of domestic tourists wanting to actively explore the less commercialised coastal upland areas.”

Commenting on the announcement of the Ireland-Wales initiative, UCD Vice-President for Research Innovation and Impact, Professor Orla Feely said: “We offer many congratulations to the teams in Aberystwyth, UCD and Dyfed Archaeological Trust on developing and obtaining funding for this project. It is heartening to see such innovative collaboration between our two regions, particularly with a sustainability focus and seeking to maximise opportunities arising from our shared challenges, with real potential benefits for local rural populations.”

Economy Minister, Vaughan Gething said: “We welcome the development of projects that will enhance the visitor experience in Wales and also strengthen our relationships with our closest European neighbour, Ireland. This project aligns with our tourism strategy by supporting our ambition to grow tourism sustainably by extending the season and encouraging visitors to discover new tourism-ready areas. We look forward to working with the team on another project which will bring our two countries closer together.”

Irish Government Minister for Public Expenditure and Reform, Michael McGrath, TD said: “I congratulate the partners in the Coastal Uplands Heritage and Tourism project for their success in obtaining support from the Ireland Wales Cooperation Programme 2014-2020 to enhance the tourism potential of some of the most peripheral areas of Wales and Ireland. These areas are endowed with great natural beauty and strong historical backgrounds. Building on these resources through the development of sustainable tourism will help unlock the untapped economic potential of these regions. Projects and partnerships such as this one are important symbols of the ongoing cooperation between Wales and the South East of Ireland.”

Director of Dyfed Archaeological Trust Kenneth Murphy said: “This is a great opportunity to showcase to the world these unique upland landscapes in Wales and Ireland. We look forward to working with our partners in Aberystwyth and Dublin.”

Meanwhile, the Cambrian Mountains Initiative (CMI) has been promoting the area as a place to watch the stars. CMI Project Manager Dafydd Wyn Morgan said: “There is great potential to develop sustainable tourism, and I warmly welcome this new project. With the support of Cambrian Mountains communities, including local organisations, landowners and businesses, the Cambrian Mountains Astro Trail was established to make the most of its world-class dark skies. Astro-tourism provides further opportunities to discover this part of Wales”.

 

An Chomhpháirtíocht Taighde Éireannach-Bhreatnach um thurasóireacht inbhuanaithe i gceantair shléibhe

Beidh taighdeoirí de chuid Scoil na Tíreolaíochta, UCD, ag obair i gcomhpháirt le hacadóirí de chuid Ollscoil Aberystwyth ar thionscadal Eorpach nua atá dírithe ar bhorradh a chur faoin turasóireacht i gceantair thuaithe sa Bhreatain Bheag agus in Éirinn.

Is é is teideal don tionscadal ná Ceantair Shléibhe Cois Cósta: Oidhreacht agus Turasóireacht (CUPHAT) agus tá maoiniú £3 mhilliún curtha ar fáil dó. Tá sé á stiúradh ag Ollscoil Aberystwyth i gcomhpháirt le UCD agus Iontaobhas Seandálaíochta Dyfed, agus tá sé á thacú ag Coiste Forbartha Réigiúnaí na hEorpa trí Chlár Comhair na hÉireann-na Breataine Bige.

Mar chuid den tionscadal dhá bhliain seo, déanfar scrúdú ar na sócmhainní oidhreachta cultúrtha agus nádúrtha i gceantair shléibhe ar leith d’fhonn cineálacha inbhuanaithe turasóireacha a chur chun cinn iontu. Is iad na ceantair atá i gceist ná na Sléibhte Caimbriacha agus Cnoic Preseli, sa Bhreatain Bheag, agus Sléibhte Chill Mhantáin agus na Staighrí Dubha in Éirinn. Is iad an Dr Christine Bonnin agus an Dr Arlene Crampsie, ó Scoil na Tíreolaíochta, UCD, a bheidh mar Chomh-Phríomh-Thaighdeoirí ar an gcuid sin den taighde a dhéanfar in Éirinn. 

Is iomaí cuspóir atá leis an scéim Éireannach-Bhreatnach, lena n-áirítear:

  • an teicneolaíocht a úsáid d’fhonn cur le heispéiris cuairteoirí
  • gréasán turasóireachta agus comhstraitéis mhargaíochta a chruthú
  • comhoibriú le scoileanna agus le grúpaí eile chun cuntais staire cultúrtha áitiúla a bhailiú

Dúirt an Dr Christine Bonnin agus an Dr Arlene Crampsie an méid seo a leanas: “Is í atá mar bhunchloch ag an tionscadal seo ná an oidhreacht luachmhar chultúrtha agus nádúrtha atá le fáil i gceantair shléibhe cois Mhuir Éireann, agus is iontach an deis a chuirfidh sé seo ar fáil do phobail áitiúla agus do gheallsealbhóirí turasóireachta araon cineálacha turasóireachta a fhorbairt atá inbhuanaithe agus feiliúnach do na ceantair féin.

“Déanfar tograí turasóireachta oidhreachta reatha agus nua a thabhairt le chéile leis an tionscadal agus cuirfear gnéithe uathúla agus coiteanna den oidhreacht atá i gcomhroinn ag an dá thír lena chéile os comhair turasóirí den uile chineál, rud a chuideoidh linn an turasóireacht inbhuanaithe a fhorbairt tríd an bhforbairt pobail.”

Táthar ag súil leis go mbeidh buntáistí eacnamaíochta ag baint leis an tionscadal freisin. Táthar ag súil leis go sonrach go dtiocfaidh méadú ar an líon turasóirí a thagann chuig na ceantair seo, go dtiocfaidh méadú 5% ar an méid airgid a chaitheann siad le linn a dturais, agus go gcruthófar nó go bhforbrófar ocht gcinn de mhicrifhiontair áitiúla.

Dúirt tOllamh Rhys Jones, Ollscoil Aberystwyth, an méid seo a leanas faoin tionscadal: “Cineálacha tionsclaíochta traidisiúnta, amhail an talmhaíocht agus an fhoraoiseacht, atá tar éis a bheith i réim go dtí seo sna ceithre cheantar sléibhe cois cósta atá i gceist leis an tionscadal seo, mar atá, na Sléibhte Caimbriacha, Cnoic Preseli, Sléibhte Chill Mhantáin agus na Staighrí Dubha. Tá bonneagar turasóireachta éigin i ngach ceann de na ceantair seo cheana ach níl mórán forbartha déanta air go fóill, go háirithe i gcomparáid leis sin atá le fáil i gceantair ollturasóireachta ar chósta na hÉireann agus ar chósta na Breataine Bige.

“Is dócha go mbeidh drochthionchar ag Brexit ar an turasóireacht in Éirinn agus sa Bhreatain Bheag. Is féidir go n-eascróidh deis gan choinne as Brexit freisin, áfach, agus go spreagfar tuilleadh daoine le saoire a dhéanamh ina dtír féin dá bharr. Cothóidh sé seo deiseanna do cheantair éagsúla teacht i dtír ar na turasóirí intíre sin ar mian leo taithí a fháil ar cheantair shléibhe cois cósta nach bhfuil an oiread céanna forbairt tráchtala déanta orthu.”

Rinne Leas-Uachtarán UCD um Thaighde, Nuálaíocht agus Tionchar, an tOllamh Orla Feeley, trácht ar an togra Éireannach-Breathnach tar éis a fhógartha: “Déanann muid comhghairdeas ó chroí leis na foirne in Ollscoil Aberystwyth, in UCD agus in Iontaobhas Seandálaíochta Dyfed as an tionscnamh seo a fhorbairt agus as maoiniú a fháil dó. Is ábhar misnigh dúinn ar fad é a leithéid seo de chomhoibriú nuálaíoch idir an dá réigiún a fheiceáil, go háirithe agus an comhoibriú sin dírithe ar an inbhuanaitheacht agus ar an oiread deiseanna is féidir a chruthú as na dúshláin atá romhainn ar fad, rud a rachaidh, is dócha, go mór chun sochair do na pobail tuaithe áitiúla sna ceantair sin.”

Dúirt Aire Eacnamaíochta na Breataine Bige, Vaughan Gething, an méid seo a leanas: “Fáiltíonn muid roimh thionscadail dá leithéid seo a chuireann le heispéiris cuairteoirí sa Bhreatain Bheag agus a neartaíonn an caidreamh idir ár dtír féin agus an tír Eorpach is gaire di, Éire. Tagann an tionscadal seo lenár straitéis turasóireachta sa mhéid go gcuidíonn sé linn an turasóireacht inbhuanaithe a mhéadú tríd an séasúr a shíneadh agus trí spreagadh a thabhairt do thurasóirí cuairt a thabhairt ar cheantair nua atá réitithe don turasóireacht. Tá muid ag tnúth go mór le dul i mbun oibre leis an bhfoireann ar thionscadal eile lena dtabharfar an dá thír seo níos gaire dá cheile.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Caiteachais Phoibí agus Athchóirithe, Mattie McGrath TD: “Déanaim comhghairdeas leo sin atá páirteach sa tionscadal Ceantair Shléibhe Cois Cósta: Oidhreacht agus Turasóireacht as an tacaíocht atá faighte acu ó Chlár Comhair na hÉireann-na Breataine Bige 2014-2020 chun forbairt a dhéanamh ar an acmhainneacht turasóireachta i gcuid de na ceantair is forimeallaí den Bhreatain Bheag agus d’Éirinn. Tá an-áilleacht nádúrtha agus an-saibhreas staire sna ceantair seo. Is iad na hacamhainní sin a bheidh mar bhunchloch ag an turasóireacht inbhuanaithe a ligfidh dúinn teacht i dtír ar an acmhainneacht eanamaíochta sna ceantair seo nár tarraingíodh aisti go fóill. Tá tionscadail agus comhpháirtíochtaí den sórt seo ina siombail thábhachtacha den chomhoibriú leanúnach idir an Bhreatain Bheag agus Oirdheisceart na hÉireann.”

Dúirt Stiúrthóir Iontaobhas Seandálaíochta Dyfed, Kenneth Murphy, an méid seo a leanas: “Is deis iontach é seo na tírdhreacha sléibhe uathúla seo sa Bhreatain Bheag agus in Éirinn a chur os comhair an tsaoil mhóir. Tá muid ag tnúth go mór le bheith ag obair in éineacht lenár gcomhpháirtithe in Aberystwyth agus i mBaile Átha Cliath.”

Idir an dá linn, tá Tionscnamh na Sléibhte Caimbriacha (CMI) tar éis a bheith ag cur an cheantair sin chun cinn mar ionad réalteolaíochta. Dúirt Bainisteoir an Tionscnaimh, Dafydd Wyn Morgan, an méid seo a leanas: “Tá an-fhéidearthacht ann an turasóireacht inbhuanaithe a fhorbairt sa cheantar seo agus fáiltím go mór roimh an tionscadal nua seo. Tá pobail de chuid na Sléibhte Caimbriacha, lena n-áirítear eagraíochtaí, úinéirí talún agus gnólachtaí áitiúla, tar éis tacú cheana féin le Réalt-Bhealach na Sléibhte Caimbriacha a chur ar bun, ar tionscnamh é atá dírithe ar theacht i dtír ar na spéartha dorcha den chéad scoth atá le fáil anseo. Is bealach eile í an réalt-turasóireacht le tuilleadh turasóirí a mhealladh chuig an gcuid seo den Bhreatain Bheag.”