FLEXI
Togra maoinithe ag an ERC is ea FLEXI, atá ag forbairt teicnící digiteacha nuálacha chun téacsanna luath-Ghaeilge a scrúdú. Fiosraítear an bealach a ndearnadh irisí dlí a (ath)chumadh, a scrúdú, agus a scaipeadh in Éirinn sa Mheánaois; a thugann le fios na nascanna eatarthu, nach bhfeicfeá murach FLEXI. Is é seo an chéad dhianstaidéar ar irisí Gaeilge agus an chéad iarracht chun fileolaíocht, stair an dlí chomparáidigh, teoiricí líonra, agus teicnící dhigiteacha a tharraingt le chéile ar mhaithe le taighde agus tuiscint an ábhair a fheabhsú.