Explore UCD

UCD Home >
overlay image

Comhdháil ar na Coláistí Samhraidh (1904-2024)

4 Iúil 2024

Cláraigh don chomhdháil anseo

Cláraigh anseo le freastal ar an gcomhdháil seo an 4 Iúil 2024: (opens in a new window)foirm chlárúcháin. Beidh an chomhdháil ar siúl ar champas UCD.

Ar an 4 Iúil 1904 a cuireadh an chéad choláiste samhraidh ar bun, mar atá, Coláiste na Mumhan i mBéal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí. Taobh istigh de bheagán ama, bhí coláistí eile faoi lánseol sa Rinn, i dTuar Mhic Éadaigh agus i mBéal Feirste. Daoine fásta a d’fhreastail ar na coláistí i dtús a ré, ach faoin mbliain 1908, bhí páistí ó Chraobh Londan de Chonradh na Gaeilge ag caitheamh a gcuid laethanta saoire sna coláistí samhraidh.

Cé go bhfuil tábhacht na gcoláistí samhraidh luaite ag oideachasóirí, staraithe, teangeolaithe agus go leor eile, níl aon mhórstaidéar ná plé cuimsitheach déanta ar na coláistí samhraidh go dtí seo. Is í aidhm na comhdhála seo, mar sin, scoláirí agus lucht spéise na gcoláistí samhraidh a thabhairt le chéile agus an deis a thabhairt dóibh stair, staid reatha agus todhchaí na gcoláistí samhraidh a phlé.

Clár na comhdhála

B210, Foirgneamh Newman
09:45 Fáilte: Tae & Caife
10:00

Aoichaint 1

Cathaoirleach: Ríona Nic Congáil

Máire McCafferty
‘“The most notable and significant educational event that took place in Ireland in the early 20th Century”: Bunú agus Forbairt na gColáistí Gaeilge, 1904-1940’

11:00

Painéal 1: Laethanta Luatha na gColáistí Samhraidh

Cathaoirleach: Fintan Keegan


Síle Ní Choincheannain 
‘Coláiste Eoghain Uí Chomhraidhe’


Dónall Ó Braonáin
‘Micheál Breathnach, Ard-Ollamh Choláiste Chonnacht san Eilvéis’

12:00 Lón
1:00

Painéal 2: Tionchar na nAthbheochanóirí Aitheanta ar Fhorbhairt na gColáistí Samhraidh
Cathaoirleach: Lydia Uí Ruairc


Ríona Nic Congáil
‘“The Connemara Colony” agus fréamhacha na gColáistí Samhraidh’


Máire Nic an Bhaird
‘Lilí Ní Fhaircheallaigh: Bailiúchán Idirnáisiúnta Cártaí Poist. An léargas a thugann an bailiúchán seo ar shaol na Gaeilge i rith na hAthbheochana’


Liam Mac Mathúna
‘An Craoibhín Aoibhinn agus Uan Uladh: cairde i mbun léinn, gníomhaíochta agus agóidíochta'

2:30 Tae & Caife
3:00

Painéal 3: Na Coláistí Samhraidh: Turasóireacht Teanga
Cathaoirleach: Máire McCafferty


Seán Ó Súilleabháin
‘An Súgán i mBéal Átha 'n Ghaorthaidh - ag dualadh scéalta Athbheochan na Gaeilge, Feachtas na Saoirse agus Coláiste na Mumhan’

Emer Ní Bhrádaigh
‘Coláistí Samhraidh: Fiontraíocht agus Turasóireacht Teanga-bhunaithe’

4:00 Aoichaint 2
Cathaoirleach: Jamie Murphy

Uinsionn Mac Dubhghaill
‘Gaeilge gan eagla: an chruthaitheacht mar spreagadh i gcur chuige Choláiste Lurgan’
5:00

Ócáid Shóisialta
Bean an Tí: Síle Ní Choincheannain


Éilís Ní Dhuibhne, Caitríona Ní Chléirchín agus cainteoirí eile.


Coiste na Comhdhála

  • An Dr Ríona Nic Congáil
  • An Dr Fintan Keegan
  • Máire McCafferty
  • An Dr Jamie Murphy
  • Lydia Uí Ruairc
  • Eoin Mc Evoy

Is í Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD atá ag reáchtáil na comhdhála.

* Maoinithe ag an gComhairle um Thaighde san Eoraip (ERC): 802695 - YEELP H2020-ERC-2018-STG

Gairm ar Pháipéir

Ar an 4 Iúil 1904 a cuireadh an chéad choláiste samhraidh ar bun, mar atá, Coláiste na
Mumhan i mBéal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí. Taobh istigh de bheagán ama, bhí
coláistí eile faoi lánseol sa Rinn, i dTuar Mhic Éadaigh agus i mBéal Feirste. Daoine fásta a
d’fhreastail ar na coláistí i dtús a ré, ach faoin mbliain 1908, bhí páistí ó Chraobh Londan de
Chonradh na Gaeilge ag caitheamh a gcuid laethanta saoire sna coláistí samhraidh.

Cé go bhfuil tábhacht na gcoláistí samhraidh luaite ag oideachasóirí, staraithe, teangeolaithe
agus go leor eile, níl aon mhórstaidéar ná plé cuimsitheach déanta ar na coláistí samhraidh go
dtí seo. Is í aidhm na comhdhála seo, mar sin, scoláirí agus lucht spéise na gcoláistí
samhraidh a thabhairt le chéile agus an deis a thabhairt dóibh stair, staid reatha agus todhchaí
na gcoláistí samhraidh a phlé.

Ábhair shamplacha a bhaineann leis na coláistí samhraidh:

  • Stair na gcoláistí samhraidh
  • Na taibhealaíona i gcomhthéacs na gcoláistí samhraidh
  • Litríocht faoi na coláistí samhraidh
  • Cliabháin oiliúna do scríbhneoirí agus scoláirí Gaeilge
  • Curaclam agus oideachas
  • Na coláistí samhraidh agus saol na Gaeltachta
  • Cúrsaí sochtheangeolaíochta
  • Cúrsaí eacnamaíochta

Fáiltíonn coiste na comhdhála roimh mholtaí faoi bhun 250 focal do chainteanna 20 nóiméad,
roimh phainéil de thriúr, agus roimh fhóraim phlé. Iarraimid ort nóta beathaisnéise 50 focal a
sheoladh isteach freisin. Is féidir iarratais a sheoladh chuig (opens in a new window)youthlanguages2022@gmail.com roimh an 10 Bealtaine 2024.

Tuilleadh eolais ar shuíomh idirlín na Comhdhála:
https://www.ucd.ie/yeelp/ga/comhdhail/ 

Coiste na Comhdhála

An Dr Ríona Nic Congáil
An Dr Fintan Keegan
Máire McCafferty
Lydia Uí Ruairc
Eoin Mc Evoy

Is í Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD atá ag reáchtáil na comhdhála.

* Maoinithe ag an gComhairle um Thaighde san Eoraip (ERC): 802695 - YEELP H2020-ERC-2018-STG

UCD School of Irish, Celtic Studies and Folklore

Newman Building, University College Dublin, Belfield, Dublin 4, Ireland.
E: riona.niccongail@ucd.ie |