Rannpháirtíocht na nDéagóirí i Mionteangacha agus i dTeangacha Réigiúnacha
Comhdháil Fhíorúil | 11–12 Márta 2022 | An Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath
Táimid ag staid thábhachtach in éabhlóid na dteangacha. Creideann saineolaithe go rachaidh leath de na 6,500 teangacha labhartha ar domhan in éag roimh dheireadh an aonú haois is fiche; ach tuigimid gur féidir an díothú teanga a sheachaint trí phleanáil teanga chúramach, chruthaitheach.
Cé go bhfuil taighde áirithe déanta ar ról na leanaí agus na ndaoine fásta i gcaomhnú mionteangacha agus teangacha réigiúnacha, is beag an taighde atá déanta ar ról na ndéagóirí –iad siúd idir 12 agus 19 mbliana d’aois – sa chaomhnú teanga. Mar sin féin, tá fianaise staitistiúil ar fáil a léiríonn go bhfuil tionchar láidir ag an aoisghrúpa ar úsáid agus ar fhorbairt mionteangacha agus teangacha réigiúnacha.
Tá sé mar aidhm ag an gcomhdháil seo dhá ghort léinn a thabhairt le chéile: léann na hóige (le béim ar dhéagóirí) agus léann na mionteangacha agus teangacha réigiúnacha. Baineann an taighde atá ar fáil ar dhéagóirí go dtí seo leis na meáin thraidisiúnta agus nua. Ach tá taighde úr ag eascairt as goirt léinn éagsúla anois: tuigeann sochtheangeolaithe go bhfuil tábhacht ag baint leis na déagbhlianta i gcomhthéacs rannpháirtíocht neamhspleách an duine óig i dteanga ar leith; tá staraithe ag díriú ar ról na ndéagóirí i ngluaiseachtaí teanga; agus tá sé tugtha faoi deara ag oideachasóirí go dtagann drogall ar roinnt déagóirí dátheangacha bheith ag léamh sa mhionteanga de réir mar a théann na déagbhlianta ar aghaidh.
Ba mhaith le coiste na comhdhála seo scoláirí ó chúlraí éagsúla teanga agus léinn a thabhairt le chéile ar mhaithe le plé a dhéanamh ar an gcaoi a nglacann déagóirí páirt i mionteangacha agus i dteangacha réigiúnacha, bídís ag glacadh páirt sa teanga as a stuaim féin nó faoi threoir daoine fásta. Ábhair shamplacha a bhaineann le Mionteangacha agus Teangacha Réigiúnacha:
- Córais Oideachais
- Oideolaíocht agus Polasaithe Oideachais
- Gníomhaíochtaí Seach-churaclaim do Dhéagóirí
- Stair na hÓige Litríocht do Dhéagóirí
- Drámaíocht agus Taibhealaíona
- Ceol agus Cultúr
- Cumainn do Dhéagóirí
- Na Meáin Thraidisiúnta agus na Meáin Nua
- Cúrsaí Spóirt
- Meon na nDéagóirí i leith na Teanga
- Polasaithe agus Pleanáil Teanga
- Rannpháirtíocht na nDéagóirí i dTeangacha Athmhúscailte agus i dTeangacha faoi Shuan
Fáiltíonn coiste na comhdhála roimh mholtaí faoi bhun 250 focal do chainteanna 20 nóiméad, agus roimh phainéil de thriúr, agus roimh fhóraim phlé. Iarraimid ort nóta beathaisnéise 50 focal a sheoladh isteach freisin. Is féidir iarratais a sheoladh chuig youthlanguages2022@gmail.com roimh an 1 Nollaig 2021. Is iad an Béarla, an Ghaeilge, an Bhreatnais agus an Chatalóinis teangacha oifigiúla na comhdhála.
Sonraí Teagmhála
- Dr Richard Huddleson (Catalóinis)
- Máire McCafferty (Gaeilge)
- Dr Ríona Nic Congáil (Gaeilge)
- Dr Hannah Sams (Breatnais)
* Maoinithe ag an gComhairle um Thaighde san Eoraip (ERC): 802695 - YEELP H2020-ERC-2018-STG