Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >
íomhá forleagan

Comhdháil ar an Óige agus an Míchumas: Polasaí, Cleachtas, Ionchuimsiú agus Pobal na Gaeilge

Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD

Clárú

Cláraigh anseo le freastal ar an gcomhdháil seo an 6 Meitheamh 2025: (opens in a new window)foirm chlárúcháin. Beidh an chomhdháil ar siúl ar champas UCD.

Gairm ar Pháipéir

Tá an freastal agus/nó neamhfhreastal a dhéantar ar shaoránaigh a mbaineann modhanna
foghlama nó cúinsí foghlama éagsúla leo ina ceist bheo phráinneach. Tá sonrú ar chearta
daoine le míchumas in Acht an Mhíchumais (2005) agus tá athdhréachtadh á dhéanamh ar
Acht Epsen (2004). Tá obair mhór le déanamh i réimse an mhíchumais sa tír seo maidir le
cearta sa limistéar seo, idir chothromaíocht agus chosaint in aghaidh leithcheala a chinntiú do
dhaoine le míchumas, agus pá chothrom a thabhairt d’oibrithe ag obair in earnáil an
mhíchumais, agus seirbhísí cuí a thabhairt do dhaoine le míchumas agus dá dteaghlaigh.

I gcomhthéacs na Gaeilge, tá taighde áirithe déanta ar an míchumas sa chóras oideachais ach
tá an míchumas agus an éagsúlacht mar chuid den saol agus den stair ó thús ama, agus rianú
déanta ar an gceist seo sa bhéaloideas, sa litríocht agus go físiúil. Tá sé mar aidhm ag an
gcomhdháil seo tús a chur le comhrá bríomhar ildhisciplíneach ar Léann an Mhíchumais,
agus deis plé a chur ar fáil maidir leis na léargais, na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann
leis an gceist seo i sain-chomhthéacs na Gaeilge. Cuirfear fáilte roimh chainteanna ar an
mbéaloideas, an eitneagrafaíocht, litríocht agus cultúr, stair an mhíchumais, curaclam agus
oideachas, teanga agus téarmaíocht, polasaithe, pleanáil, ionchuimsiú, reachtaíocht, cultúr
agus cleachtas eagraíochtúil, srl.

Fáilteoidh coiste na comhdhála roimh mholtaí faoi bhun 250 focal do chainteanna 20
nóiméad, roimh phainéil de thriúr, roimh phóstaeir agus roimh mholtaí ar fhóraim phlé ó
thaighdeoirí, ó chleachtóirí agus ó pháirtithe leasmhara. Is féidir iarratais a sheoladh chuig
(opens in a new window)youthlanguages2022@gmail.com roimh an 31 Márta 2025. Iarraimid ort nóta beathaisnéise
50 focal a sheoladh isteach freisin. Tá i gceist againn fóraim leantacha a reáchtáil /a
spreagadh amach anseo, a mbeidh deis iontu leanúint de phlé a dhéanamh ar cheisteanna
praiticiúla agus ar pholasaithe.

Sonraí Teagmhála: (opens in a new window)youthlanguages2022@gmail.com 

Coiste na Comhdhála

  • Ríona Nic Congáil (UCD)
  • Áine Mahon (UCD)
  • Eoin McEvoy (UCD)
  • Grace Murphy (UCD)
  • Róisín Ní Ghairbhí (Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach) 
  • Fionnuala Tynan (Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach)

* Maoinithe ag an gComhairle um Thaighde san Eoraip (ERC): 802695 - YEELP H2020-
ERC-2018-STG.

Is í Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD atá ag reáchtáil na comhdhála.

Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD

E: riona.niccongail@ucd.ie |