Gairm ar Pháipéir
Is áit í an amharclann don chruthaitheacht, is áit í le tuairimí agus féiniúlachtaí a chur in iúl. Mar sin féin, ní minic a thugtar aird ar an mbaint atá ag an aos óg (iad siúd idir 12 agus 25 bliana d’aois) leis an drámaíocht i gcomhthéacs mionteangacha, teangacha mionlaithe agus teangacha réigiúnacha.
Tá sé mar aidhm ag an gcomhdháil seo tús áite a thabhairt don aos óg i gcomhthéacs na drámaíochta agus an taibhléirithe. Déanfar iarracht ceangail choiteanna a chruthú, dea-chleachtas a scrúdú, agus léiriú a thabhairt ar stair dhrámaíocht agus thaibhléiriú na n-óg i dteangacha réigiúnacha, mionteangacha, agus teangacha mionlaithe. Cuirfidh an chomhdháil ardán ar fáil chun anailís a dhéanamh ar an nasc idir an t-aos óg agus cleachtadh na drámaíochta, agus cuid den aos óg sin ag iarraidh a bhféiniúlachtaí cultúrtha agus teanga a léiriú tríd an drámaíocht agus an taibhléiriú.
Sa saol domhandaithe seo, casann daoine, teangacha, cultúir, agus gnéithe den drámaíocht lena chéile ar bhonn laethúil, taobh istigh agus taobh amuigh de shuíomh na hamharclainne. Ar an ábhar sin, rachaidh an chomhdháil seo i ngleic leis na ceisteanna casta a bhaineann le héagsúlachtaí cultúrtha agus teanga.
Ábhair shamplacha a bhaineann le Mionteangacha, Teangacha Mionlaithe agus Teangacha Réigiúnacha:
- Drámadóirí Óga agus Drámadóirí ag díriú ar an aos óg
- An Drámaíocht agus an Taibhléiriú sa Chóras Oideachais (sna meánscoileanna agus sna hollscoileanna)
- An Drámaíocht agus an Taibhléiriú Seach-churaclaim (m.sh. sna coláistí samhraidh, ar an teilifís, sa phobal, srl.)
- Comhlachtaí Drámaíochta don Aos Óg
- Drámaíocht na nÓg i gCoimhlintí Teanga, Cultúrtha agus Polaitiúla
- Canóin nua drámaíochta, dúshlán a thabhairt do sheanchanónacha
- Puipéadóireacht
- An Chollaíocht
- An Draig
- Feimineachas agus Inscne
- Saoránacht, Teanga agus Amharclannaíocht
- Teangacha agus Féiniúlachtaí
Fáiltíonn coiste na comhdhála roimh mholtaí faoi bhun 250 focal do chainteanna 20 nóiméad, roimh phainéil de thriúr, agus roimh fhóraim phlé. Iarraimid ort nóta beathaisnéise 50 focal a sheoladh isteach freisin. Is féidir iarratais a sheoladh chuig (opens in a new window)youthlanguages2022@gmail.com roimh an Aoine, 25 Samhain 2022.
Coiste na Comhdhála
An Dr Riocárd Ó hOddail
An Dr Fiona Lyons
Eoin McEvoy, MA
An Dr Ríona Nic Congáil
An Dr Hannah Sams
Máire McCafferty, MA
Is í Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD atá ag reáchtáil na comhdhála.
* Maoinithe ag an gComhairle um Thaighde san Eoraip (ERC): 802695 - YEELP H2020-ERC-2018-STG