Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >

Daoine

Foireann an Tionscadail

Is foireann idirdhisciplíneach í foireann YEELP a bhfuil taighde ar bun acu sa Bhreatnais, sa Chatalóinis agus sa Ghaeilge.

Profile photo of Máire McCafferty

Máire McCafferty

Mac Léinn PhD le Gaeilge

Is mac léinn PhD mé i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis. Táim ag obair ar ghné na Gaeilge den tionscadal seo, a dhíríonn ar Choláistí Samhraidh na Gaeilge, ar ról na ndaoine óga agus ar chruthú an chultúir náisiúnta Éireannaigh.

A picture of Adriana Raya Palmer smiling at the camera

An Dr Adriana Raya Palmer

Taighdeoir Iardhochtúireachta sa Chatalóinis

Is Taighdeoir Iardhochtúireachta mé, le saineolas sa Chatalóinis. Bhain mé PhD amach san Aistriúchán agus sna hEolaíochtaí Teanga ó Universitat Pompeu Fabra (Barcelona). Baineann mo chuid spéiseanna taighde le Léann an Aistriúcháin, Stílíocht, Sochtheangeolaíocht agus Teangeolaíocht Chorpais. I mo thráchtas, rinne mé iniúchadh ar léiriú agus ar aistriúchán na gcineálacha teanga labhartha i saothair ficsin le fócas ar theanga na hóige agus ar ról theanga na hóige i gcomhthéacs na Catalóinise. Is léachtóir díograiseach mé freisin agus tá cúrsaí Béarla agus ar an aistriúchán múinte agam in ollscoileanna éagsúla sa Chatalóin.

Profile photo of An Dr Hannah Sams

An Dr Hannah Sams

Is léachtóir le Breatnais mé i Scoil an Chultúir agus na Cumarsáide in Ollscoil Abertawe/Swansea. Táim ag obair ar ghné na Breatnaise sa tionscadal taighde. Ó chríochnaigh mé mo PhD ar dhrámaíocht chomhaimseartha na Breatnaise táim ag tógáil ar ghnéithe den tráchtas, cuir i gcás an staidéar comparáideach a rinne mé idir an drámadóir Breatnaise Aled Jones Williams agus an drámadóir Catalóinise Sergi Belbel. Tá mé ag cur freisin le mo chuid taighde ar an amharclannaíocht náisiúnta i náisiúin gan stáit.

Grianghraf de Lydia Uí Ruairc

Lydia Uí Ruairc

Is cúntóir taighde mé agus táim ag obair ar ghné na litríochta Gaeilge sa tionscadal. Tá céim BA (onóracha) agus Ard-Dioplóma san Oideachas bainte amach agam i gColáiste na Tríonóide agus ghnóthaigh mé Ard-Dioplóma san Aistriúchán agus MA sa Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá tréimhsí caite agam ag múineadh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Tá obair déanta agam le hIonad na Gaeilge Labhartha in Ollscoil Mhá Nuad freisin. Tá neart blianta caite agam i gColáiste Íosagáin agus roinnt téacslabhar agus ábhar teagaisc foilsithe agam le cuideachtaí éagsúla, EDCO, COGG agus SFGM ina measc.

Headshot of Dr Fiona Lyons

An Dr Fiona Ní Liatháin

Cúntóir Taighde sa Ghaeilge (2022)

D'oibrigh an Dr Fiona Ní Laitháin ar an tionscadal sa bhliain 2022 mar Chúntóir Taighde sa Ghaeilge.

Profile photo of An Dr Riocárd Ó hOddail

An Dr Riocárd Ó hOddail

Taighdeoir Iardhochtúireachta sa Chatalóinis (2021-2023)

D'oibrigh an Dr Riocárd Ó hOddail ar an tionscadal go dtí 2023 mar Thaighdeoir Iardhochtúireachta sa Chatalóinis

Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD

E: riona.niccongail@ucd.ie |