Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >
íomhá forleagan

Eolas Fúinn

Tá sé mar aidhm ag an tionscadal taighde seo tuiscint a fháil ar an bhfáth, ar an gcaoi, ar an uair, agus ar na bealaí ar ghlac déagóirí páirt i gcaomhnú mionteangacha agus teangacha réigiúnacha Eorpacha ón mbliain 1900 ar aghaidh.

Ceisteanna Taighde

  • Cén ról a bhí agus atá ag déagóirí mar chuspóirí, ghníomhaithe, ábhair agus urlabhraithe in iarrachtaí chun mionteangacha agus teangacha réigiúnacha a chaomhnú?
  • Cén chaoi agus cén modh a d’úsáid déagóirí chun páirt a ghlacadh i gcaomhnú mionteangacha agus teangacha réigiúnacha ó thús an fichiú haois? An bhfuil athrú tagtha ar a rannpháirtíocht le himeacht ama?
  • Cén uair a dhírigh daoine fásta ar dhéagóirí i dtograí teanga (eagraíochtaí an náisiúnachais, mar shampla), agus cén uair a ghlac déagóirí páirt i dtograí teanga as a stuaim féin?
  • An raibh cur chuige éagsúil ag déagóirí i ngach ceann de na trí thír nó réigiún maidir leis an ról a bhí acu sa chaomhnú teanga? Sa chás go raibh, an féidir comparáid a dhéanamh eatarthu? Cén cur chuige a chuireann an múnla is fearr ar fáil do rannpháirtíocht na n-óg i mionteangacha agus teangacha réigiúnacha Eorpacha eile?

Féach ar an eochairchaint ón Dr hab. Nicole Dołowy-Rybińska a chuir tús lenár gcomhdháil Rannpháirtíocht na nDéagóirí i Mionteangacha agus i dTeangacha Réigiúnacha 2022:

Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD

E: riona.niccongail@ucd.ie |