Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >

Foilseacháin

Foilseacháin

2025

  • Hannah Sams, 'Dod i Oed: Llenyddiaeth i Oedolion Newydd yn
    Gymraeg' Gwerddon (2025). (opens in a new window)https://gwerddon.cymru/storfa-erthyglau/dod-i-oed-llenyddiaeth-oedolion-newydd-yn-gymraeg/   
  • Máire McCafferty, ‘Ag teacht in inmhe: na Coláistí Gaeilge agus Cruthú an Chultúir Náisiúnta Éireannaigh, 1904-1940.’ An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath: Tráchtas PhD 2025.
  • Máire McCafferty, ‘The Role of the Irish Language Summer College in Revolutionary Ireland, 1913-1921’, Irish Historical Studies (le foilsiú).
  • Máire McCafferty, ‘Teanga gan Teorainn? Léargas ar Ról na gColáistí Gaeilge i ngluaiseacht teanga Chúige Uladh sna 1920idí & 1930idí’, An Léann Teanga: An Reiviú (le foilsiú).

2024

Is é An Óige agus an Athbheochan an chéad mhonagraf a dhíríonn ar an gcaidreamh idir an óige agus stair na Gaeilge.

I rith thréimhse na hAthbheochana tháinig daoine fásta ar an tuiscint go raibh slánú na Gaeilge ag brath ar an aos óg, agus thapaigh siad an deis an t-aos óg a mhealladh i dtreo na teanga. Cuireadh cumainn drámaíochta agus spóirt ar bun; foilsíodh colúin i nuachtáin agus litríocht don aos óg; tháinig feiseanna ar an bhfód agus cuireadh tús leis an nós an t-aos óg a sheoladh chuig coláistí samhraidh sa Ghaeltacht. Ba mhór an bhearna idir eispéireas an aosa óig sna ceantair uirbeacha agus sna ceantair Ghaeltachta, áfach, agus tugtar léargas úr sa leabhar seo ar an gcaoi a ndeachaigh gluaiseacht na hAthbheochana i bhfeidhm orthu araon.

Déanann an leabhar seo mionscrúdú ar iarrachtaí lucht na hAthbheochana chun an t-aos óg a earcú agus a chur ag obair ar son na Gaeilge.

Bronnadh duais ar an saothar seo i gComórtas Liteartha an Oireachtais 2021.

Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD

E: riona.niccongail@ucd.ie |