Ar an raon ábhar faoinar ceistíodh na faisnéiseoirí sa Tionscadal Béaloidis Uirbigh bhí creidiúint agus nósmhaireacht na ndaoine, finscéalta agus amhráin áitiúla, ceird agus ceardaíocht, seanchas na bpáistí agus réimse de chúrsaí sóisialta agus cultúrtha eile. Ní nach ionadh, cinneadh gur cheart aird ar leith a dhíriú ar an stairsheanchas. Áiríodh sa mhéid sin imeachtaí na Cásca, 1916 agus an tréimhse chorraithe as ar eascair an neamhspleáchas agus an Cogadh Cathartha, an Chéad Chogadh Domhanda agus an phaindéim den bhFliú ‘Spáinneach’ sna blianta 1918-19. Ba chúrsaí iad sin a raibh cuimhne mhaith orthu ag daoine a raibh seachtó bliain nó níos mó slánaithe acu. Mar is léir ó na taifeadtaí, bhí muintir Bhaile Átha Cliath sásta a gcuimhní cinn a roinnt go fonnmhar.
Is sampla ionadaíoch atá san fhianaise a chuirtear i láthair anseo ar an tuairimíocht a bhí i mBaile Átha Cliath i leith Éirí Amach na Cásca, a chuimsíonn comhraiceoirí agus daoine a bhí go tréan i bhfabhar na ceannairce, mar aon leo siúd nach raibh chomh tógtha céanna le gníomhartha na nÓglach (nó a bhí ina gcoinne). Faightear taifead anseo freisin ar thaithí agus tuairimí daoine neodracha i mBaile Átha Cliath, a ndearna na himeachtaí difear domhain dá saol.