A Prayer to the Archangels for each Day of the Week
Author: unknown
Editor: T. P. O’Nolan
An electronic edition
view the header | view the translation | view MS 23 P 3 on ISOS
p. 92.
(MS fol. 19)
Gabriel lim i nDomhnaighibh
is cumhachta rí[g] neime
Gabriél lim hi comnaidi,
nachamthí bét na bini.
Michél dia Luain labraimsea;
focheird mo menma airi.
ni re nech noshamlaimsea
acht ré hIosu mac Maire.
Mad Mairtt, Raphiél radimsea,
co tí in crich, dom chobuir;
in sechtmadh fer alimsea,
céin uér ar tuár in domhuin.
Uriél lim i cCétáinib,
int abb co n-uaisli ardi,
ar guin ocus ar gábudh
ar threthan gaithi gairgi.
Sariél Dardain labraimsea
ar thonnuibh mera in mara,
ar cech nolc thic re duine,
ar cech nhgalar nodgobha.
Dia na haíne didíni
Rumiél - rath reill - rocharus.
ní abbair acht fírinne,
maith in cara rogabus.
Panchel i sSatharnaib lim,
céin beó arin mbith mbuide
. . . . .
. . . . .
In Trinoid dom anacul.
in Trinoid dom shnádud.
in Trinoitt dom shæradh
ar cach nguin, ar gach ngabud.
© 2007 Thesaurus Linguae Hibernicae